Scéim Deontas Caipitil

Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh i bhfoirm deontas caipitil nó fostaíochta ar fáil d’fhiontair atá ag tabhairt faoi infheistíocht chéad uaire sa Ghaeltacht.

Áirítear na tionscnaimh seo a leanas i réimsí gnó ar leith mar fhiontair a mbíonn infheistíocht chéad uaire i gceist leo:

  • Bunú fiontar nua
  • Leathnú ar fhiontar atá ann
  • Fiontar ag tabhairt faoi threo eile le táirgí nó seirbhísí breise
  • Athrú bunúsach ar phróiseas táirgíochta gnó atá ann
  • Glacadh seilbh ar acmhainní dochta fhiontar i gcúinsí áirithe.

Éadáil na sócmhainní caipitil atá nasctha go díreach leis an bhfiontar, i gcás gur dhún an fiontar síos nó go mbeadh sé tar éis dúnadh síos murar ceannaíodh é, agus ceannaíonn infheisteoir neamhspleách na sócmhainní. Ní hinfheistíocht tosaigh atá i gceist murar tharla ach éadáil ar scaireanna an ghnóthais.

Is féidir deontas caipitil a íoc i gcás ina bhfuil infheistíocht aon uaire á déanamh i sócmhainní dochta nó neamhábhartha.

Is féidir gur maoin mar suíomh, foirgneamh gnó nó innealra agus gléasra a bheadh i gceist le sócmhainní dochta agus gur aistriú teicneolaíochta, paitinn, ceadúnais nó eolas teicniúil gan phaitinn a bheadh i gceist le sócmhainní neamhábhartha.

Íoslódáil foirm iarratais