Is é an cuspóir atá leis an Dearbhán Forbartha Digití cuidiú le gnólachtaí beaga leas a bhaint as uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha le héifeachtúlacht ghnó a mhéadú, raon feidhme a leathnú agus iomaíochas gnó a fheabhsú.
Ní mór d’iarratasóirí leas a bhaint as an Scéim Digitithe Gnó roimhré le Plean Gníomhaíochta Digití a ullmhú le hiarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta faoin Dearbhán Forbartha Digití– tá an t-iarratas thíos le bheith bunaithe ar ghníomhartha a shainaithnítear i bPlean Gníomhaíochta Digití an iarratasóra.
Tá tacaíocht deontais ar fáil faoin scéim do chaiteachas tionscadail a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Digití an iarratasóra, amhail síntiúis bogearraí ar feadh tréimhse 12 mhí, oiliúint in úsáid bogearraí agus cumraíocht bogearraí.
Tá an Dearbhán Forbartha Digití oscailte d’fhiontair bheaga (a bhfuil idir duine agus 50 duine fostaithe iontu) agus atá:
Beidh na fiontair seo a leanas i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim chomh maith:
Ní mór imréiteach cánach reatha a bheith ag gnólachtaí ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór do ghnólachtaí Uimhir Thagartha Cánach agus Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach a sholáthar chun a stádas Imréitigh Cánach a fhíorú ar thairseach ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.
Tabhair faoi deara nach liosta uileghabhálach é seo. Ba cheart aon cheist maidir le hincháilitheacht ghníomhaíochta a chur ar Údarás na Gaeltachta le go ndéanfaí measúnú ar an gcás.
Tá an deontas iníoctha ag ráta 50% den chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, suas le huasmhéid deontais €2,500 in aghaidh an iarratais (tá tairseach íosmhéid deontais €500 in aghaidh an iarratais, i.e. is é €1,000 an t-íoschaiteachas ar an tionscadal). Is féidir dhá thionscadal de chuid an Dearbháin Forbartha Digití, ar a mhéad, a cheadú d’fhiontar, deontas carnach suas le €5,000. Tá ceadú an dara deontas ag brath ar dhul chun cinn léirithe an ghnó mar atá leagtha amach i dtuarascáil na Scéime Digitithe Gnó. Is ar mhaithe le tacú le dul chun cinn digitithe an iarratasóra a bheidh an caiteachas incheadaithe.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní mór iarratas ar an Dearbhán Forbartha Digití a dhéanamh taobh istigh de thréimhse dhá bhliain ar a mhéad ó dháta ullmhaithe na tuarascála / an phlean faoin Scéim Digitithe Gnó.
(a) Táillí síntiúis bogearraí
I measc na samplaí bogearraí incháilithe tá:
(b) Cumraíocht Oiliúna agus/nó TF
I gcás ina n-éilíonn an gnólacht cúnamh saineolach maidir le:
(Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir le méid oiliúna agus cumraíochta, curtha le chéile, a bheith níos mó ná 50% de na táillí síntiúis bogearraí).
.