Cúnamh Teicniúil do Mhicrea-Easpórtálaithe

Is í an aidhm atá leis an Deontas do Chúnamh Teicniúil do Mhicrea-Easpórtálaithe ná cuidiú le gnóthaí deiseanna nua margaíochta a fhiosrú agus a fhorbairt. Cuidíonn an deontas seo le costais a bhaineann le taighde easpórtála agus costais mhargaíochta, m.sh., taispeántas ag Aontaí Trádála, ag ullmhú ábhar margaíochta agus ag forbairt láithreán gréasáin atá dírithe go sonrach ar mhargaí thar lear.

Téarmaí an Deontais:
• Clúdóidh an deontas 50% den chaiteachas incháilithe (gan CBL) suas go huasmhéid €2,500.
• Caithfear iarratas a bheith déanta sula ndéanfar aon chaiteachas.
• Íocfar an deontas ach cruthúnas a bheith curtha ar fáil a léiríonn gur íocadh as costais a bhí incháilithe agus aontaithe.

Gnóthaí incháilithe do thacaíocht:
Fiontair ghnó nach bhfostaíonn níos mó ná 10 fostaí agus atá
• gníomhach i ndéantúsaíocht nó i seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus
• ag iarraidh easpórtáil a fhiosrú dá dtáirge/seirbhís nó do tháirge/seirbhís atá beartaithe

 

Tuilleadh eolais