Plean Gnó a Ullmhú
Rud bunúsach maidir le rath a bheith ar ghnóthas, plean gnó a ullmhú lena haghaidh. Ba cheart go
mbeadh léargas ionraic, dáiríre ar a bhfuiltear a thuar don togra agus ar na haidhmeanna fadtéarmacha
sa phlean gnó.
Beidh gá leis na ranna seo a leanas sa phlean gnó:
Achoimre Feidhmiúcháin
- Cad é an togra
- Táirge/seirbhís agus na buntáistí atá leis
- An deis sa mhargadh
- An meitheal bainistíochta
- Réamh-mheastacháin airgeadais
- Riachtanais airgeadais agus an toradh measta
Ba cheart go mbeadh an t-achoimre feidhmiúcháin gonta soiléir.
Cur síos ar an gcuideachta
- Próifíl na dtionscnóirí
- Mionsonraí faoi na stiúrthóirí/scarshealbhóirí
- Lucht bainistíochta sinsearach
- Comhairleoirí airgeadais, dlí agus eile
Táirgí/Seirbhísí
- Cur síos ar an táirge/seirbhís agus an rud a dhéantar leis
- Cén difríocht atá idir é agus táirgí/seirbhísí eile? Cé na cúiseanna a gceannófaí an táirge/tseirbhís
- seo go sonrach?
- Buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis
- An próiseas táirgíochta agus ar na riachtanais a bhaineann leis
- Meastachán maidir leis an gcostas táirgíochta (amhábhar, páirteanna agus foireann oibre
- san áireamh)
- Leibhéal táirgíochta measta tar éis bliana i mbun an ghnó
- An táirgíocht is gá chun teacht ar an gcothrom
- Táirgí nua amach anseo más ann
- Anailís SWOT
An Margadh agus Díolachán
- Cuntas ar an taighde atá déanta agat
- Cur síos ar an spriocmhargadh atá á chur romhat agat, an chaoi a mheallfar iad agus an úsáid a bhainfidh siad as an táirge/seirbhís
- Réimse an mhargaidh agus pátrúin reatha maidir leis
- Anailís ar an lucht iomaíochta
- Conas a chuirfear an táirge/an tseirbhís chun cinn?
- Míníú ar na modhanna dáiliúcháin agus a gcostas measta
- Cur síos ar an straitéis praghsála
Oibriúchán
- An suíomh atá beartaithe
- Cur síos ar an trealamh a theastaíonn agus ar an acmhainn atá ann
- An bhfuiltear chun an áitreabh a cheannach nó a thógáil ar léas
- An bhfuiltear ag cloí leis na coinníollacha maidir le sláinte, sábháilteacht agus an
comhshaol?
- Foinsí an amhábhair
- Fostaithe – Cur síos ar na róil a bheidh i gceist agus ar an oiliúint a chuirfear
ar fáil
Airgeadas & Maoiniú
- Riachtanais airgeadais maidir le: áitribh, innealra agus trealamh, trealamh oifige, oiliúint srl.
- Sraith de réamh-mheastacháin mhionsonraithe ar shreabhadh airgid
- Cuntas barrachais agus caillteanais réamh-mheasta
- Réamh-mheastachán réadúil maidir le díolachán
- Cumas tiomsaithe airgeadais
- Cur síos ar infheisteoirí ionchasacha
- Suim a gheofar trí iasachtaí
- Cabhair deontais más ann
- Sócmhainní an ghnó
- Cuir i gcás nach dtarlaíonn de réir mar atáthar a thuar – cén chaoi a dtiocfaidh an gnóthas uaidh
- sin?
Cúrsaí dlí
- Struchtúr dlíthiúil an ghnóthais
- An bhfuiltear ar an eolas maidir le caighdeáin phroifisiúnta nó caighdeáin de chuid an tionscail
- agus mar gheall ar chúrsaí rialála má thagann sin i gceist?
- Riachtanais maidir le hárachas atá i gceist
Cánachas
- Creat cánachais
- An bhfuil an gnóthas cláraithe maidir le CBL/ÍMAT/Cáin Gnó?
- Riachtanais a bhaineann le córas cuntasaíochta don chuideachta
Aguisíní
- Réamhmheastacháin airgeadais mhionsonraithe
- CV na mball foirne is tábhachtaí
- Sonraí ó thaighde margaíochta
- Struchtúr Bainistíochta
- Anailís SWOT
- Sonraí faoi áitreabh an ghnóthais