Tosú Gnó: 10 bPointe

Tosú Gnó: 10 bPointe Ginearálta

  1. Taighde faoin Margadh
  • Cén margadh a mbeifear ag díriú air?
  • Cé na custaiméirí a bheadh agat? Cad, cathain, cá háit agus cén chaoi a ndéanfaidh siad ceannach agus cé mhéad a cheannóidh siad?
  • Cé bheadh in iomaíocht leat? Cé na táirgí, réimsí, praghasanna atá acusan? Cé na buanna atá acu? Cé na laigí atá orthu?

 

  1. Cá bhfaighidh tú do chuid ábhair/lón soláthair? Cén costas a bhainfidh leo?
  • Déan idirbheartaíocht le soláthraithe ionchais agus faigh tairiscintí uathu

 

  1. Cad atá riachtanach don táirgíocht – áitreabh, trealamh agus lucht saothair?
  • Roghnaigh áitreabh
  • Cén t-innealra/trealamh atá de dhíth – ar féidir é a cheannach ar dara lámh?
  • Fostaithe a earcú – cén oiliúint a theastódh, an bhfuil foireann le taithí ar fáil?

 

  1. Ríomh ar an gcostas iomlán
  • Cén caiteachas caipitil atá i gceist?
  • Cad iad na costais táirgíochta – lucht saothair, lón ábhair, árachas agus aon chaiteachas eile

 

  1. Praghas díolta measta
  • Cuir praghas ar an táirge
  • Déan comparáid idir an praghas díolta sin agatsa agus an praghas díolta ag lucht iomaíochta

 

  1. Cuir straitéis díolacháin le chéile
  • Deimhnigh an spriocmhargadh
  • Cé na deiseanna bolscaireachta is fearr a oireann don ghnó sin agatsa?
  • Conas a dhéanfar dáileadh ar an táirge

 

  1. Foirm Dhlíthiúil
  • Cé acu struchtúr gnó a roghnóidh tú – trádálaí aonair, páirtnéireacht nó cuideachta theoranta?
  • Cláraigh ainm an ghnó
  • Cláraigh mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim

 

  1. Coinnítear ar an eolas maidir le reachtaíocht ábhartha
  • An bhfuil tú ar an eolas faoi choinníollacha fostaíochta agus an reachtaíocht saothair?
  • An bhfuil tuiscint agat ar do chuid dualgaisí maidir le cánachas (cáin ioncaim & CBL)?
  • An bhfuil tú ag comhlíonadh riachtanais maidir le cúrsaí árachais agus sláinte comhshaoil?

 

  1. Déan meastachán maidir leis na riachtanais airgeadais ar fad agus déan machnamh mar gheall ar fhoinsí éagsúla airgid
  • Cén cineál infheistíochta a bheidh de dhíth?
  • Conas a thiomsófar an t-airgead infheistíochta is gá – infheistíocht phearsanta, cistí bainc, cabhair dheontais?

 

  1. Cuir plean gnó le chéile