Tosú Gnó: 10 bPointe
Tosú Gnó: 10 bPointe Ginearálta
-  Taighde faoin Margadh
 
- Cén margadh a mbeifear ag díriú air?
 
- Cé na custaiméirí a bheadh agat? Cad, cathain, cá háit agus cén chaoi a ndéanfaidh siad ceannach agus cé mhéad a cheannóidh siad?
 
- Cé bheadh in iomaíocht leat? Cé na táirgí, réimsí, praghasanna atá acusan? Cé na buanna atá acu? Cé na laigí atá orthu?
 
 
-  Cá bhfaighidh tú do chuid ábhair/lón soláthair? Cén costas a bhainfidh leo?
 
- Déan idirbheartaíocht le soláthraithe ionchais agus faigh tairiscintí uathu
 
 
-  Cad atá riachtanach don táirgíocht – áitreabh, trealamh agus lucht saothair?
 
- Roghnaigh áitreabh
 
- Cén t-innealra/trealamh atá de dhíth – ar féidir é a cheannach ar dara lámh?
 
- Fostaithe a earcú – cén oiliúint a theastódh, an bhfuil foireann le taithí ar fáil?
 
 
-  Ríomh ar an gcostas iomlán
 
- Cén caiteachas caipitil atá i gceist?
 
- Cad iad na costais táirgíochta – lucht saothair, lón ábhair, árachas agus aon chaiteachas eile
 
 
-  Praghas díolta measta
 
- Cuir praghas ar an táirge
 
- Déan comparáid idir an praghas díolta sin agatsa agus an praghas díolta ag lucht iomaíochta
 
 
-  Cuir straitéis díolacháin le chéile
 
- Deimhnigh an spriocmhargadh
 
- Cé na deiseanna bolscaireachta is fearr a oireann don ghnó sin agatsa?
 
- Conas a dhéanfar dáileadh ar an táirge
 
 
-  Foirm Dhlíthiúil
 
- Cé acu struchtúr gnó a roghnóidh tú – trádálaí aonair, páirtnéireacht nó cuideachta theoranta?
 
- Cláraigh ainm an ghnó
 
- Cláraigh mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim
 
 
-  Coinnítear ar an eolas maidir le reachtaíocht ábhartha
 
- An bhfuil tú ar an eolas faoi choinníollacha fostaíochta agus an reachtaíocht saothair?
 
- An bhfuil tuiscint agat ar do chuid dualgaisí maidir le cánachas (cáin ioncaim & CBL)?
 
- An bhfuil tú ag comhlíonadh riachtanais maidir le cúrsaí árachais agus sláinte comhshaoil?
 
 
-  Déan meastachán maidir leis na riachtanais airgeadais ar fad agus déan machnamh mar gheall ar fhoinsí éagsúla airgid
 
- Cén cineál infheistíochta a bheidh de dhíth?
 
- Conas a thiomsófar an t-airgead infheistíochta is gá – infheistíocht phearsanta, cistí bainc, cabhair dheontais?
 
 
-  Cuir plean gnó le chéile