Gnó a Thionscnú

Nuair a chuirtear gnóthas ar bun, ní mór socrú mar gheall ar an struchtúr úinéireachta is fearr a oireann do na riachtanais, i.e. trádálaí aonair, páirtnéireacht nó cuideachta theoranta. Cinnfear leis an socrú sin cén cineál clárúcháin a bheidh le déanamh agat. Agus tú ag cinneadh mar gheall air seo, ba cheart duit an baol agus na dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann don ghnó, an t-am agus an t-airgead a chaithfí ag cur an struchtúir ar bun agus á choinneáil sa siúl agus a mbeadh i gceist ó thaobh cánachais le gach rogha éagsúil a thabhairt san áireamh.

B’fhiú comhairle dlí nó comhairle phroifisiúnta eile a fháil agus socrú á dhéanamh mar gheall ar struchtúr an chomhlachta faoin dlí. Seo a leanas na struchtúir is coitianta in úsáid maidir le gnóthais bheaga:

  • Trádálaí Aonair: Seo é is simplí ó thaobh struchtúr gnó agus gan ag baint leis ach duine aonair ag trádáil as féin. Is é an té sin a dhéanann rialú agus bainistiú ar an ngnó. Is furasta a leithéid a chur ar bun agus níl mórán costais leis. Ní mór clárú leis an oifig chánach áitiúil trí fhoirm TR1 a líonadh agus d’fhéadfadh go mbeadh ainm gnó le clárú le hOifig Chlárúchán na gCuideachtaí mura ionann le hainm an duine é.

Is ioncam pearsanta ioncam an ghnó agus is féidir go leor costais ghnó a chur in aghaidh an ioncaim maidir le cúrsaí cánach. Is í an mhíbhuntáiste is suntasaí nach bhfuil aon chosaint agat sa chás go dteipeann ar an ngnó agus go mbíonn do chuid sócmhainní ar fad ar fáil chun do chuid creidiúnaithe a íoc.

  • Páirtnéireacht: Is comhaontú idir beirt nó líon níos mó ná sin dul i mbun gnó in éineacht atá sa pháirtnéireacht. Níl aon teorainn le líon na bpáirtnéirí a fhéadann a bheith sa ghnó agus ní gá go mbeidís ar fad ag obair go lánaimseartha sa ghnó.

Is féidir airgead a thiomsú trí pháirtnéirí nua a thabhairt isteach agus bíonn dliteanas pearsanta ar gach páirtnéir maidir le fiachas na páirtnéireachta, fiú sa chás gur páirtnéirí eile is cúis leis.

Ba cheart comhaontú cuimsitheach a dhréachtadh ina leagfaí amach dualgais gach páirtnéara agus go síneodh na páirtnéirí ar fad sin d’fhonn aighneas a sheachaint tráth is faide anonn.

  • Cuideachta Theoranta: eintiteas dlíthiúil glan ar na scarshealbhóirí, na stiúrthóirí agus na fostaithe a bhaineann leis. Is féidir le cuideachta an dlí a agairt agus is féidir an dlí a agairt uirthi ina hainm féin. Go ginearálta, bíonn an dliteanas teoranta don tsuim a infheistíodh sa chuideachta nuair a bhí scaireanna á gceannacht. Tá míbhuntáiste ann mar go bhféadann costas agus am a bheith i gceist le riachtanais maidir le reachtaíocht Acht na gCuideachtaí a shásamh. I measc na mbearta foirmeálta a bhaineann le cuideachta a choirpriú, is gá Meabhrán agus Airteagail Comhlachais a leagan amach. Tá roinnt buntáistí ag baint le cuideachta atá teoranta ó thaobh dliteanais de i gcomórtas le trádálaí aonair nó páirtnéireacht, ina measc: stádas dliteanais theoranta – tá teorainn le do chuid dliteanais is ionann agus an tsuim a d’infheistigh tú sa chuideachta, tá sé níos furasta airgead a thiomsú, buntáistí cánach.

Ainm Gnó A Chlárú

Is féidir trádáil a dhéanamh faoi d’ainm féin ach má shocraítear dul i mbun gnó faoi ainm nach ionann agus d’ainm féin, ní foláir ainm an ghnó a chlárú.

Ainm gnó a chlárú: Líontar isteach Foirm RBN1 i gcás duine aonair, Foirm RBN1B i gcás páirtnéireachta nó Foirm RBN1B i gcás comhlachta corpraithe (íoschóipeáil ó www.cro.ie) Seoltar an fhoirm maille leis an táille cuí go dtí Cláraitheoir na gCuideachtaí, Oifig Chlárúcháin na gCuideachtaí, Teach Parnell, 14 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1

Ní foláir an t-ainm gnó a chláraítear a chur ar taispeáint in áitreabh an ghnóthais, ar stáiseanóireacht an ghnóthais agus é a lua le haon duine a mbíonn caidreamh gnó agat leis agus a iarrann é.

Tá ainmneacha áirithe nach gceadaítear:

  • Níl cead ainm a úsáid is ionann go díreach agus ainm chuideachta reatha / trádmharc aitheantais, ainm a d’fhéadfaí a mheascadh le hainm chuideachta iasachta atá i mbun gnó in Éirinn ná ainm a d’fhéadfaí a mheascadh le hainm chuideachta reatha
  • Níl cead ainm a úsáid a measann an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta nach cuibhiúil é nó a mbeadh le tuiscint uaidh go raibh urraíocht Stáit i gceist
  • Níl cead ainm a úsáid a mbeadh roinnt focal a bhfuil cosc orthu ann, e.g. “Banc”, “Baincéir”, “Baincéireacht”, “Cumann”, “Comharchumann” nó “Árachas”

Ba cheart a thabhairt chun aire nach dtugann ainm gnó a chlárú cosaint in aghaidh an dara húsáid as an ainm sin ná nach gciallaíonn sé go bhfuil an t-ainm inghlactha mar ainm cuideachta (d’fhéadfadh go bhfuil sé in úsáid cheana mar ainm cuideachta). Ní húdarú maidir le húsáid ainm an t-ainm a chlárú dá dtarlódh go bhféadfaí a úsáid a thoirmeasc ar chúiseanna eile, i.e. cearta trádmhairc.