CUMASÚ – 2025

Iarratais Oscailte: Faoi láthair – 7ú Márta 2025

Tá Údarás na Gaeltachta agus EMPOWER chun clár CUMASÚ níos leithne a sheoladh tar éis an clár píolótach rathúil in 2023, ag díriú ar fhiontraithe mná.

Tá clár d’fhiontraithe mná i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge ag glacadh le h-iarratais faoi láthair. Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht leis an gClár Empower, tionscnamh saor in aisce atá á reáchtáil ag Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) agus Moil Nuálaíochta agus Ionad Rubicon in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU) ag cur an chláir chun cinn. Tá sé mar aidhm ag an gclár fiontraíochta seo cur le deiseanna d’fhiontraithe mná agus féidearthachtaí forbartha gnó a thapú. Tá an-taithí ag Mol Nuálaíochta an ATU agus ag an Ionad Rubicon, MTU i gCorcaigh ar chláir fiontraíochta, go háirithe do mhná, a chur chun cinn. Seo an chéad uair atá siad ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile ina leithéid de thionscnamh.

Chláraigh 13 fiontraí ban anuraidh le páirt a ghlacadh i gclár píolótach Cumasú TÚS ar bhonn páirtaimseartha thar 12 sheachtain faoi threoir saineolaithe gnólachtaí nuathionscanta. Thug sé seo deis do rannpháirtithe am a chaitheamh le cúramaí baile agus ag an am céanna a ghnó nua a phleanáil agus a fhorbairt.

Beidh dhá ghné ag baint leis an gclár seo i mbliana – CUMASÚ TÚS agus CUMASÚ FÁS.

CUMASÚ TÚS

Tá an clár CÚMASÚ TÚS dírithe ar mhná go bhfuil smaoineamh gnó acu atá ag pointe luath agus ar mian leo sin a fhorbairt agus a fhás. Reáchtálfar an clár seo thar 12 sheachtain ar-líne don chuid is mó le roinnt ócáidí i bpearsa. Tá an deis ann freisin smaoineamh a thástáil le feiceáil an nglacfaidh an custaiméir leis.

CUMASÚ FÁS

Tá an clár CUMASÚ FÁS dírithe ar mhná atá i mbun gnó le 18 mí nó níos mó agus a bhfuil cónaí orthu i gceantair Ghaeltachta agus atá ag iarraidh fás agus méadú de réir scála. Tá an clár seo bunaithe ar fhoghlaim piaraí le piaraí le comhbhunaitheoirí ban agus beidh sé ar siúl lá amháin in aghaidh na míosa.

Is féidir clárú anseo: www.empowerprogramme.ie

Seoladh Cumasú:
Deis á thairiscint do bhreis is 150 bean Gaeltachta tús a chur lena n-aistir fiontraíochta leis an gclár CUMASÚ | Nuacht | Údarás na Gaeltachta