GAIRM

Gairm

Deiseanna do chéimithe

Déan Iarratas

Don dara uair, tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint deiseanna do chéimithe leis an scéim GAIRM, áit a bhfuil conradh oiliúna, a mhairfidh dhá bhliain, agus taithí ghairmiúil a bhfuil Dioplóma Iarchéime (leibhéal 9) ó hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.  Tá an conradh  seo oscailte do chéimithe le chuile cineál cáilíocht, gnó, teicneolaíocht, cuntasaíochta, pleanáil, bainistiú tograí, eolaíocht, na heolaíochtaí shóisialta agus cumarsáid san áireamh.

Gheobhaidh na hiarrthóirí rathúla taithí ghairmiúil i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta le linn thréimhse dhá bhliain an chonartha oiliúna. Beidh rogha ag na rannpháirtithe a bheith lonnaithe in aon oifig réigiúnach de chuid an Údaráis – na Forbacha i nGaillimh, Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, Béal an Mhuirthead i Maigh Eo, Daingean Uí Chúis i gCiarraí agus, Baile Mhic Íre i gCorcaigh.

Gheobhaidh na hiarrthóirí rathúla taithí ghairmiúil i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta le linn thréimhse dhá bhliain an chonartha oiliúna.

Céard atá san áireamh?

  • Conradh oiliúna dhá bhliain agus taithí ghairmiúil i suíomh oibre proifisiúnta
  • Taithí bainistíochta luachmhar i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta.
  • Tuiscint ar chomhlachtaí Gaeltachta atá ag trádáil in Éirinn agus thar lear.
  • Taithí ag obair ar thograí fiontair shóisialta agus forbairt pobail sa Ghaeltacht

Dioplóma Iarchéime  (Leibhéal 9) beartaithe:

  • Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ag forbairt Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) le tairiscint do na hiarrathóirí rathúla.
  • Dearadh an cúrsa seo as an nua in 2024 agus tá sé dírithe go sonrach ar rannpháirtithe GAIRM chun a gcuid scileanna bainistíochta a fhorbairt agus iad ag tabhairt faoi na modúil seo a leanas:
    • Forbairt Straitéisí agus Ról Nuálaíochta
    • Bainistiú ar Fhoirne Ard Fheidhmíochta
    • Bainistiú Airgeadais
    • Cúram an Rialachas agus Lárnú na hEitice
    • Bainistiú Tograí
    • Scileanna agus Straitéisí Cumarsáide
    • Prionsabail agus Cleachtais na Forbartha Inmharthanaigh agus “an t-athrú Aistriú Glas”

Is é príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta ná an Ghaeilge a chaomhnú agus a láidriú mar theanga bheo, agus í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile. Tá an ghníomhaireacht Stáit freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthú fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teanga-bhunaithe.

Riachtanais:
Is d’iarrthóirí le Gaeilge líofa a bhfuil céim NFQI Leibhéal 8 bainte amach acu an deis seo nó do dhaoine a bhfuil súil acu céim a bhaint amach. 

Is fostóir comhionannas é Údarás na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

Is conradh oiliúna é seo agus beidh tuarastal €37,919 ag dul leis.

Conas iarratas a dhéanamh: 

Iarrtar ar iarratasóirí CV a sheoladh chuig foluntais@udaras.ie. Glacfar le hiarratais go dtí 4.00i.n. ar 13 Feabhra 2026.

.