Deontas Fiosraithe Margaidh Foirm Iarratais

Cuireann an Deontas Fiosraithe Margaidh ar chumas chliaint deiseanna margaidh nua a fhiosrú agus a fhorbairt. Tacóidh an deontas le gnóthaí atá ag dul i mbun easpórtála den chéad uair agus ag dul i mbun easpórtála ar mhionscála le taighde margaidh riachtanach a dhéanamh agus le straitéisí iontrála margaidh inmharthana agus inbhuanaithe i margaí geografacha nua a fhorbairt.

Téarmaí an Deontais:

Íocfar an deontas ag ráta 50% de chaiteachas incháilithe suas go huasmhéid deontais €10,000

Nótaigh, le do thoil nach mór go mbeidh iarratas iomlán curtha faoi bhráid an Údaráis sula ndéanfar aon chaiteachas ar an tionscadal

 

.

Gnóthaí incháilithe do thacaíocht:

Tá an deontas ar fáil d’fhiontair beaga

  • A bhfuil idir duine agus caoga duine á bhfostú acu
  • Atá i mbun déantúsaíochta agus/nó seirbhísí indeonaithe a thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Atá sócmhainneach de réir mar a léirítear ina ráitis airgeadais
  • Atá ag obair ar bhonn tráchtála agus atá bunaithe agus ag trádáil le 12 mhí anuas,
    ar a laghad, agus atá cláraithe agus ag gníomhú sa Ghaeltacht
  • A bhfuil rún léirithe margadh idirnáisiúnta úr a fhorbairt
.

Catagóirí incháilithe caiteachais

Taighde Margaidh

Costais a bhaineann le tuarascálacha, bunachair sonraí, agus faisnéis a cheannach ó shainchuideachtaí taighde margaidh, chomh maith le seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, incháilithe mar chuid de phlean margaidh á bhailíochtú. Sula gceannófar tuarascáil, ní mór d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun a fháil amach an bhfuil an tuarascáil ar fáil cheana féin trí Ionad Taighde Margaidh Fhiontraíocht Éireann.

Comhairleoireacht Mhargaidh

Tá maoiniú ar fáil le haghaidh saineolais tríú páirtí chun plean margaidh a fhorbairt agus a bhailíochtú

Freastal ar Aontaí Trádála/Rannpháirtíocht i dTaispeántas Aontaí Trádála

Rannpháirtíocht in Aontaí Trádála idirnáisiúnta aitheanta lena n-áirítear táillí iontrála, cíos seastáin/spáis taispeántais, costais iompair agus costais taistil agus chothaithe

Taisteal Thar Lear

Tacaítear le costais Taistil agus Chothaithe le haghaidh turais thar lear a bhaineann leis an tionscadal atá beartaithe. Nótaigh, le do thoil, nach féidir tacú le costais Taistil agus Cothaithe d’am a chaitear in Éirinn.

.

Sonraí Costas Taistil & Cothabhála

  • Táillí Aeir/Farantóireachta nó Iarnróid (grád barainne)
  • Míleáiste (60c in aghaidh an chiliméadair) nó
  • Costas carr ar cíos (grád barainne).  Nótaigh, le do thoil – ní féidir míleáiste a éileamh ar charr ar cíos

Rátaí Incháilithe Cothabhála (thar lear)

  • Ráta Oíche – tréimhse 24 uair an chloig, €200 in aghaidh an lae
  • Ráta lae, < 24 uair €60 thar lear
.
Please enable JavaScript in your browser to complete this form.
1
2
3
4
5
6
7
8

1. Sonraí Teagmhála an Iarratasóra

Applicant Contact Details

Ainm an Iarratasóra:

Applicant Name:

Duine Teagmhála:

Contact person:

Seoladh:

Address:

Éirchód:

Eircode:

Uimhir Theileafóin:

Telephone Number:

Seoladh Ríomhphoist:

Email Address:

.