Colm Ó Coisdealbha

Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha

Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe

091 503100 colm@udaras.ie

Ceapadh Colm Ó Coisdealbha ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha Údarás na Gaeltachta i mí Feabhra 2020.  Tagann freagrachtaí maidir le gnóthaí airgeadais, seirbhísí corparáideacha, acmhainní daonna, seirbhísí dlí, teicneolaíocht faisnéise agus tacaíocht rúnaíochta don Bhord faoina chúram.

Is as Baile na mBrabhach i gceantar Indreabháin do Cholm agus sula ceapadh é sa ról seo bhí dhá bhliain déag caite aige ag feidhmiú mar bhainisteoir géilliúlachta agus Stiúrthóir na hOifige le hOifig an Choimisinéara Teanga.  Le linn na tréimhse sin bhí cuid mhaith teagmhála aige le comhlachtaí poiblí i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Roimhe sin chaith sé roinnt blianta ina bhainisteoir ginearálta le Comhar Creidmheasa Cholm Cille agus ina chuntasóir airgeadais leis an gcomhlacht ilnáisiúnta Nortel Networks in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Is cuntasóir cairte é Colm a bhfuil céim sa tráchtáil aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Thar na mblianta bhí sé gníomhach i gcuid mhaith eagraíochtaí agus grúpaí pobail a bhí dírithe ar chur chun cinn an cheantair agus i gcúrsaí teanga.