Siobhán Seoighe

Siobhán Seoighe, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

A202 Coláiste Albert
DCU
Glas Naíon
Baile Átha Cliath 9

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Siobhán Seoighe ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí ó dhúchas do Shiobhán Seoighe. Tá sí ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) mar Oifigeach Gaeilge.

Tá réimsí leathan taithí aici agus d’oibrigh sí mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr, mar Bhainisteoir Imeachta ar Rith Teo agus mar Fheidhmeannach leis an bhForas Pátrúnachta. In 2011 d’fhoilsigh Glór na nGael leabhar léi ‘Ráth Chairn na Gréine: Bailiúcháin amhrán agus dánta ó Ghaeltacht Ráth Chairn 1935 – 2011’.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá ina gcomhaltaí ar bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.