Seosamh Ó Laoi

Seosamh Ó Laoi, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Baile an tSagairt
An Spidéal
Co. na Gaillimhe

087 2739909 solaoi@eircom.net

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seosamh Ó Laoi ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Tá Seosamh ina chonaí sa Spidéal, Co. na Gaillimhe. Bhí sé ina bhall comhthofa do Chomhairle Chontae na Gaillimhe ó 2011-2014. Ar ainmniúchán ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapadh Seosamh ina chomhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse ó 20 Samhain 2012 go dtí 19 Samhain 2017.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis.