Mary Uí Chadhain

Mary Uí Chadhain, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Gabhla
Caiseal
Conamara
Co. na Gaillimhe

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Mary Uí Chadhain ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Is as Gabhla, Caiseal i gCo. na Gaillimhe do Mhary Uí Chadhain. Tá sí ina Stiúrthóir Airgeadais & Gnó le TG4. Tá sí ina rúnaí cuideachta ar TG4 chomh maith.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá ina gcomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.