Gobnait Ní Mhuimhneacháin

Comhalta den Údarás

Gort na Scairte
Baile Mhic Íre
Maigh Chromtha
Co. Chorcaí

086 8685094

Ar ainmniúchán ó Comhairle Chontae Chorcaí faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Gobnait Ní Mhuimhneacháin ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2021 do théarma dhá bhliain ó 1 Márta 2021 go dtí 23 Feabhra 2023.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc léi.