Anna Ní Ghallachair

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach, Bord Údarás na Gaeltachta

An Cathaoirleach

087 7910699 cathaoirleach@udaras.ie

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair ina Cathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí go 15 Eanáir 2023. Is é seo a dara téarma aici ina Cathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Is as Árainn Mhóir i gCo. Dhún na nGall do Anna Ní Ghallachair. I ndiaidh di deich mbliana a chaitheamh ina léachtóir le Fraincis, Gearmáinis agus Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus os cionn 20 bliain ina Stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad, bhí sí ag obair mar Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil agus mar Cheann ar Scoil an Léinn Cheiltigh san ollscoil chéanna go dtí go ndeachaigh sí ar scor ag deireadh Eanáir 2021.

Tá staidéar déanta ag Anna ar na nuatheangacha in Éirinn agus sa Fhrainc, áit ar chaith sí sé bliana ag múineadh ar an ollscoil agus ag déanamh iarchéimeanna sa bhFraincis. Díríonn a cuid taighde ar an ilteangachas, ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge agus ar litríocht na Briotáine.

Bhí sí ina comhalta ar Choimisiún na Gaeltachta (2000-2002), ar an ghrúpa oibre do pholasaí oideachais teanga sa Roinn Oideachais agus Scileanna (2008-9), ina Cathaoirleach ar Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí (2004-2007), ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta (2010-2013) agus ar Údarás na Gaeltachta (2012-2017). Ina theannta sin tá tréimhsí caite aici mar chomhalta ar choistí eile in Éirinn agus thar lear a bhí dírithe ar theagasc agus ar chur chun cinn na dteangacha.

Sa bhliain 2008 bhronn Rialtas na Fraince gradam uirthi as a cuid oibre i dtreo an deisteangachais.

Faoi láthair, tá sin ina hIontaobhaí ar Bhord an Association of Language Testers in Europe (ALTE) agus ina comhalta ar choiste na dTeangacha, na Litríochta, an Chultúir agus na Cumarsáide in Acadamh Ríoga na hÉireann.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá ina gcomhaltaí ar bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.