Westire Technology

Cuireann an comhlacht Westire Technology Limited réimse leathan de tháirgí leictreonacha smachtaithe soilse ar fáil.  Tá an príomhaí, Seán Ó Nuadháin, ina cheannródaí sa teicneolaíocht seo agus tá éileamh ar tháirgí an chomhlachta ar fud na hEorpa agus an domhain mhóir.

Tá príomhoifig Westire Technology Limited agus an ionad taighde agus forbartha lonnaithe i gceantar Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Ón láthair tuaithe seo tá réimse táirgí ceannródaíochta smachtú soilse nua le cearta paitinne cumtha ag an ionad seo a chuireann ar a gcumas margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt.  Úsáidtear táirgí an chomhlachta chun soilse poiblí a lasadh agus a chasadh as go huathoibríoch tráthnóna agus ar maidin.

Pictiúr do Solas Sráide Westire

Pictiúr do solais sráide san oíche
Rialaíonn Westire Technology ar níos mó ná 5 mhilliún solas sráide timpeall an domhain

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Cuireann an tÚdarás tacaíocht agus maoiniú ar fáil do Westire, comhlacht atá an-tábhachtach don cheantar. Tá an comhlacht ag cur fostaíochta leanúnach ar fáil le blianta. Tá taithí mhaith ghnó agus saineolas teicniúil ag an gcomhlacht agus tríd an tacaíocht atá faighte acu ó Údarás na Gealtacha thar na mblianta, fuaireadar an deis tabhairt faoi thaighde agus forbairt an chomhlachta agus tá a thoradh sin le feiceáil sna táirgí atá ar an margadh acu.

Tuilleadh eolais

Pictiúr don seomra triailrith i Westire Technology lonnaith i Béal an Mhuirthead
Pictiúr do fótaichill fadsaolach
Pictiúr d'Ionad Westire Technology
Pictiúr do súil sileacan