Stiúideo Dhún na nGall

Tá Stiúideo Dhún na nGall lonnaithe i gcroílár Chill Charthaigh i nGaeltacht Dhún na nGall. Ceantar atá sáite i stair na fíodóireachta láimhe agus teicstílí olla, traidisiúin a théann níos faide siar ná aimsir na Réabhlóide Tionsclaíoch. Is muileann beag é Stiúideo Dhún na nGall atá suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin atá feistithe amach don phróiseas cardála, sníomhacháin, lámhfhíodóireachta chomh maith le déantús ball éadaigh. Tá an gnó ag trádáil go maith agus iad ag fanacht dílis dá mbunluachanna, is é sin a mbréidín a bheith déanta de láimh.

Pictiúr don réimse dathanna bréidín a mbíonn á h-úsáid ag Stiúideo Dhún na nGall

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta bhí Stiúideo Dhún na nGall in ann a ghnó turasóireachta a fhorbairt tríd an fhoirgneamh a thabhairt go caighdeán agus a chur in oiriúint do thurasóirí, rud a thugann deis do chuairteoirí an seancheird thraidisiúnta a fheiceáil ar siúl agus an cheird agus an obair a bhíonn idir lámha ag an gcomhlacht a phlé leis na fíodóirí. Ina theannta sin. tugadh deis don chomhlacht freastal ar Aontaí Trádála chun próifíl tháirgí an chomhlachta a ardú mar aon le gnó breise a mhealladh.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do dhathanna éagsúil don Olann a mbíonn ar fáil sa Stiúideo
Pictiúr do fear ag úsáid an seol
Pictiúir do dath glas curtha in olann ag Stiúideo Dhún na nGall réidh le cumaisc
Pictiúr do sníomh dhearg