Bróga Dearga Teoranta

Is comhlacht léiriúcháin teilifíse é Bróga Dearga Teoranta a fheidhmíonn ar bhonn neamhspleách i nGaeltacht Phort Láirge. Bunaíodh an comhlacht sa bhliain 2007 agus é mar aidhm i gcónaí acu cláir a chruthú atá samhlaíoch, meabhrach agus a bhfuil ábhar machnaimh iontu. Déantar freastal ar chuile chineál lucht féachana agus craoltóir. I measc na sraithe a cruthaíodh tá Imeall agus Hub, a rinneadh i gcomhair le TG4, ceann de chraoltóirí poiblí náisiúnta na hÉireann. Bhain an comhlacht gradam IFTA (Irish Film & Television Award) amach do chlár a chur sé le chéile in ómós do Shéamus Heaney. Tá físeanna corparáideacha déanta aige do chomhlachtaí corparáideacha áirithe agus tá i gceist aige cur leis an obair seo amach anseo.

Image from Hup – Traditional Irish Music Series on TG4

Donal Lunney ag casadh port ag an nGradam Ceoil
Donal Lunney ag casadh port ag an nGradam Ceoil

Cén chaoi ar Chabhraigh an tÚdarás?

Le tacaíocht ó hÚdarás na Gaeltachta osclaíodh oifig agus seomra eagarthóireachta nua i mBaile na nGall, Co. Phort Láirge in éindí le hoifig léiriúcháin nua i bhfoirgneamh de chuid an Údaráis sa Sean Phobal. Chuidigh na hoifigí leis an gcomhlacht a léiriúchán ábhair a mhéadú, agus thug an trealamh nua cúnamh chun caighdeán léiriúcháin níos fearr a bhaint amach chomh maith leis an gcumas tuilleadh daoine a fhostú leis na scileanna agus saineolas cuí chun obair an comhlacht a chur chun cinn. Thacaigh an tÚdarás freisin le comharthaíocht nua do na hoifigí a mhaoiniú, ag soláthar níos mó léargais do Red Shoe i measc an phobail.

Tuilleadh eolais