Randox

Is fís uaillmhianach, nuálach agus tiomanta atá ag Randox i dtaobh feabhais a chur ar chúrsaí leighis go domhanda. Creideann siad go mbraitheann cúrsaí sláinte ar na nuálaíochtaí an lae inniu. Tá siad ag déanamh dul chun cinn tré an eolaíocht is úire a úsáid chun feabhais cheannródaíoch a dhéanamh i diagnóisic agus i gcúram sláinte. Tré chlár atá tiomanta go mór i dtaobh taighde agus forbartha tá siad ag cur táirgí as an ngnáth agus réitigh ar fáil go leanúnach atá deartha go sonrach chun diagnóisic níos éifeachtaí, ar ardchaighdeán agus iontaofa a chur ar fáil sna réimsí is leithne i dtimpeallachtaí saotharlann.

D’oscail Randox a suíomh sa gClochán Liath in 2008 do dhéantús anailíseora agus do Thaighde & Forbairt.

Eolaí i mbun oibre i bhfearas seomra íonghlain i saotharlann de chuid Randox Teoranta, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, ar an gClochán Liath

'Daltaí scoile a thóig páirt i gclár ETIM 'An Chruinne' le Randox Teoranta
'Daltaí scoile a thóig páirt i gclár ETIM 'An Chruinne' le Randox Teoranta

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht agus maoiniú ar fáil do Randox Teoranta chun na háiseanna déantúsaíochta agus taighde agus forbartha den chéad scoth atá acu ar an gClochán Liath a fhorbairt. Chuidigh Údarás na Gaeltachta le Randox i dtús aimsire le fostaithe a aimsiú agus cuireann tacaíocht ar fáil tré oiliúnt agus traenáil a chur ar na fostaithe sin. Cuireann an tÚdarás tacaíocht ar fáil chomh maith tré a chuid scéimeanna Taighde agus Forbartha.

Tuilleadh eolais

Photo opportunity of the new Gaeltacht brand outside Randox site