Image of a player on the Galway minor team celebrating

Nemeton TV

Is comhlacht léirithe spóirt é Nemeton TV atá i mbun oibre in Éirinn agus Albain. Léiríonn siad os cionn 600 uair an chloig beo in aghaidh na bliana. Tá siad lonnaithe i nGaeltacht na nDéise agus i nGlaschú. Tagann siad le chéile mar mheitheal neamhghnách de dhaoine cruthaitheacha, teicniúla agus gnó. I measc na gclár a dhéanann siad, tá CLG, Príomh Roinn na hAlbain, sacar agus rugbaí na mban (náisiúnta agus idirnáisiúnta), dornálaíocht, rásaíocht capall agus réimse clár faisnéise.

Iomaíocht á dhéanamh idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath i gCluiche Peile de chuid an CLG

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Chuidigh Údarás na Gaeltachta le Nemeton fás suntasach a dhéanamh ar a ngnó. Thosaigh siad amach le duine amháin sa gnó agus anois tá an scórtha fostaithe acu. D’fhorbair siad a gceanncheathrú sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. D’aithin Nemeton go ganntanas daoine le Gaeilge san earnáil agus ó 2006 i leith tá siad ag reáchtáil Cúrsa Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meáin Dhigiteacha i bpáirtnéireacht le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta.

Tuilleadh eolais

Image of Cailín Wine Ní Toibin
Still of Seamus Darby goal against Kerry in 1982