Bunaíodh Kelsius in 2003, príomhsholáthraí na teicneolaíochta uathoibrithe i dtaobh sábháilteachta agus comhlíonadh táirgí do sheirbhísí bia agus do na tionscail chúraim sláinte. Ag baint úsáide as teicneolaíocht mhonatóireachta theochta gan sreang atá ar chaighdeán domhanda, córas bainistíochta digiteach HACCP, agus óstáil agus próiseáil sonraí scamall, feabhsaíonn córais Kelsius sábháilteacht táirgí, comhlíonadh rialála a chinntiú agus na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo fheabhsú. Tá oifigí ag Kelsius sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn le líonra comhpháirtithe san Eoraip, sa Mheánoirthear, san Astráil agus sna Stáit Aontaithe a fhreastalaíonn ar a bhonn custaiméirí domhanda.
Chuidigh Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht an gnó táirgí monatóireachta teochta leictreonacha agus córais bhainistíochta HACCP a dhaingniú ar Eastát Tionscalaíochta an Fháil Charraigh i nGaeltacht Dhún na nGall.