Ionad Deirbhile – Ionad Oidhreachta na hEachléime

D’oscail a Soilse, Máire Mhic Roibín, Uachtarán na hÉireann, Ionad Deirbhile go h-oifigiúil ar an 13/8/97 nuair a thug sí cuairt ar an ionad. Tugann an t-ionad léargas iomlán don chuairteoir ar shaol agus ar shaíocht an cheantair seo mar bhíodh sé fadó. Tá áiseanna ann mar áit taispeántas, siopa caife agus leithreas curtha ar fáil do chuairteoirí, agus tá sé oiriúnach do dhaoine ar chathaoireacha rotha. Tá saibhreas eolais le fáil ar bhéaloideas na h-áite, ar seandálaíocht, ar stair áitiúil agus cur síos ar an saol atá beagnach imithe mar shampla iascaireacht le currach an chaoi a raibh na sean tithe tógtha srl. Tá an t-eolas curtha i láthair i nGaeilge agus i mBéarla. Gné suntasach den bhfoirgneamh agus a cheapann do shúil is ea an fhuinneog daite atá deich dtroigh ar airde agus a léiríonn scéal Naomh Deirbhile. Tá a macasamhail le fáil sa séipéal Réamh-Normannach ar an bhFál Mór. Tá teallach atá ag dul siar chomh fada le 1840/60 lonnaithe i lár an ionaid. Tá na ballaí lasmuigh maisithe le cloch áitiúil eibhir on bhFál Mór, agus tá plean an fhoirgnimh bunaithe ar na sean-tithe a bhí amuigh ar Oileán Inis Gé.  

Le blianta anuas tá obair déanta ar an Togra Eisimirce Chuidithe ó cuan an Fhóid Dhuibh I 1883/4, agus tá an taispeántais le feiceáil in Ionad Deirbhile. 

Teach Solais an Fhóid Duibh i nGaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo

Cén chaoi ar chabhraidh an tÚdarás

ionaddeirbhile.ie