Tá Conor Holden ag dearadh agus táirgeadh réimse leathan táirgí leathair lámhdhéanta d’ardchaighdeán sa Seanscoil i mBaile an Ghóilín ó 1989. Baineann sé úsáid as scoth an leathair ag táirgeadh a chuid só-earraí, málaí láimhe, málaí cáipéisí, sparáin, tiachóga agus málaí taistil.
Tá a cheardlann suite lasmuigh de Dhaingean Uí Chúis ar Shlí Cheann Sléibhe.
Chabhraigh an tÚdarás le hEarraí Leathair Holden fás agus forbairt a dhéanamh ar a ngnó earraí leathair.