Gin Chléire

Tá drioglann gin curtha ar bun ar Oileán Chléire, an t-aon drioglann dá leithéid atá lonnaithe ar oileán in Éireann.

Tá éacht bainte amach ag Oileán Chléire áit a bhfuil gin á tháirgeadh ón Samhain ar aghaidh agus é ar sheilfeanna an cheantair agus ag díol go maith.

Anois agus an gin déanta agus blasta caithfear coinneáil suas leis an t-éileamh agus go deimhin tá éileamh ar 3SQ.MILES, atá dá sheachadadh go háitiúla agus tá margaíocht le déanamh chun Gin Chléire a dhíol ar fud na tíre agus níos faide.

Is iontach an chaoi a dtáinig pobal Chléire le chéile, ní amháin ag infheistiú sa togra ach ag forbairt an gin féin chomh maith. Is grúpa de mhná an oileáin a chaith go leor ama ag measca oideas éagsúla go dtí gur tháinig siad ar bhlas an oileáin.

Ar chúiseanna gnó rinne an Comharchumann cine comhlacht neamhspleách a bhunú agus bunaíodh Drioglann Chléire Teoranta. Tá go leor scairshealbhóirí sa chomhlacht, cuid acu a ghlac páirt sa bhfeachtas a thosaigh anuraidh chun infheistíocht a mhealladh trí scéim a thugann deis luach beag airgid a infheistiú.

Cé go bhfuil roinnt lainseáil den 3SQ MILES déanta cheana tá go leor eile le déanamh go fóill, beidh ócáidí faoi leith i gceist le haghaidh na hoileáin.

capecleardistillery.com