Cambus Medical

Tá Cambus Teo. lonnaithe ar Eastát Bhaile an tSagairt, sa Spidéal ó 2006. Tá an chomhlacht i mbun úinéireachta Freudenberg Medical i bhforbairt agus déantúsaíocht ar feadánara (Hypo tubing) agus réitigh Micrea-Chomhpháirteanna don earnáil feiste leighis.

Tá Cambus Medical tar éis fás chun bheith ina chomhpháirtí nuálaíochta agus déantúsaíochta ar a bhfuil muinín dhomhanda ag an chuid is mó de na OEMs is mó le rá. Ligeann an taithí agus an t-eolas i réitigh Hypotube agus Micri-chomhpháirtí dóibh ardábhair agus réitigh déantúsaíochta próisis a sheachadadh ó fhorbairt táirgí nua go déantúsaíocht ar scála iomlán.

Thosaigh an comhpháirtíocht le Freudenberg Medical in 2012.

Tá Freudenberg Medical mar chuid de grúpa Freudenberg, grúpa teicneolaíochta domhanda faoi úinéireacht phríobháideach atá 165 bliain d’aois agus a fhostaíonn os cionn 40,000 duine ar fud an domhain.

Image of Colour needle computer at Cambus Medical

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Sholáthraigh an tÚdarás áis déantúsaíochta don chomhlacht agus de réir mar a bhí an chomhlacht ag dul i méid tugadh breis spáis dóibh chomh maith le deontais bunaithe ar riachtanais an chomhlachta ag an am.
Tá os cionn 100 duine fostaithe ag an gcomhlacht seo faoi láthair agus is céimithe Ollscoile go leor den fhoireann.

Tuilleadh eolais

Image of Laser Weld process
Meeting at Cambus Medical
Needles
Accept Hub