Bácús Bhréanainn

Bácús ceirde neamhspleách is ea Bácús Bhréanainn i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí. Cuireann siad arán agus cístí áille de gach saghas ar fail do shiopaí, bialanna agus caiféanna i nDaingean Uí Chúis, i dTrá Lí agus i gCill Airne.

Bíonn an fhoireann ag bácáil ar feadh na hoíche chun togha an aráin úr a bheith réidh in am d’éileamh na maidine ó Luan go Satharn. Obair chrua chruinn thomhaiste ach caitheann an fhoireann mórán ama agus dúthrachta chun ardchaighdeán a chinntiú agus bítear ar thóir barr feabhais de shíor.

Creideann Orla Gowen, Úinéir agus Príomhbháicéir gur am agus sár-chomhábhair shimplí a chruthaíonn bácáil den scoth. Tacaíonn sí le táirgeadh áitiúil, leis an trádálaí beag agus le modhanna traidisiúnta. Mar sin, i mí Iúil 2018, d’oscail sí siopa bácúis, Bácús Bhréanainn ar Shráid an Doirín i nDaingean Uí Chúis.

Pictúir do fhoireann Bhácús Bhréanainn

“Am agus sár-chomhábhair shimplí a chruthaíonn bácáil den scoth” – Orla Gowen, Bácús Bhréanainn
“Am agus sár-chomhábhair shimplí a chruthaíonn bácáil den scoth” – Orla Gowen, Bácús Bhréanainn

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Bhunaigh Orla Gowen Bácús Bhréanainn i gCé Bhréanainn sa bhliain 2009 agus le cabhair ó Údarás na Gaeltachta d’athlonnaigh sí an bácús go Páirc Ghnó na Coille i nDaingean Uí Chúis. Chuir an tÚdarás tacaíocht ar fáil chomh maith maidir le hoiliúint a chur ar an bhfoireann atá aici.

Tuilleadh eolais

Pictúir don báicéireacht
Pictiúr do Fhuinneog an Bhácúis
Pictúir do fhoireann an tsiopa ag an gcuntar
Pictiúr don togha agus rogha atá ar fáil sa mBácús