Bá Earagail

Tá Bá Earagail i mbun gnó i nDún na nGall le 55 bliain agus tá sé ar cheann de na próiseálaithe sliogéisc d’ardchaighdeán is mó in Éirinn. Tá dhá shaoráid acu in Éirinn, atá deimhnithe chuig an gcaighdeán is airde tionscail. Easpórtálann Bá Earagail táirgí sliogéisc d’ardchaighdeán as uiscí glana an Atlantaigh chuig an margadh domhanda de phríomh-miondíoltóirí, mórdhíoltóirí agus comhlachtaí seirbhíse bia.

Iascaire le Bá Earagail

Pictiúr do iascairí Bá Earagail
Úr ón Atlantach Fiáin

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth le Bá Earagail le blianta fada agus tugadh tacaíodh dóibh an phríomhghnó próiseála éisc i nGaeltacht Dhún na nGall a athrú ó bhonn go gnó domhanda san earnáil próiseála portáin agus cuachma. Tugann cabhair an Údaráis deis don chomhlacht tabhairt faoi thaighde agus forbairt ar bhonn leanúnach agus tá trealamh próiseála den scoth ag Bá Earagail a thugann deis dóibh dul in iomaíocht go hidirnáisiúnta.

Tuilleadh eolais

Gliomach Ioruais
Pictiúr do fear ag iascaireacht
Bád Bá Errigal amuigh ar an domhain
Luaineachán