Tá LPT Chloich Cheann Fhaola lonnaithe in iarthuaisceart Dhún na nGall idir an Earagail, an Eachla Mhór agus an Mhucais mar chuid de theorainn deiscirt an cheantair agus an tAigéan Atlantach ó thuaidh. Tá daonra de 4,042 sa LPT agus labhraíonn 39.6% den daonra (3 bliana agus os a chionn) an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Tá Pobal Eascarrach CTR. ag feidhmiú mar cheanneagraíocht le tacaíocht leanúnach ón tSeanbheairic CTR. agus Coiste Paróiste Ghort a’ Choirce. Tá ionadaithe ó na trí eagraíocht sin ag feidhmiú i gcuideachta le hionadaithe ó ghrúpaí pobalbhunaithe eile ar choiste stiúrtha Phleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola (PTCCF).
Caitlín Ní Bhroin
R-phost: info@ptccf.com
.Pobal Eascarrach CTR,
Béal an Átha,
An Fál Carrach,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall