Bunathrú digiteach
Tá sé ríthábhachtach dár dtéarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime go dtreisítear teicneolaíochtaí digiteacha. Tá bonn fiontraíochta iomaíoch, nuálach agus athléimneach riachtanach chun poist agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine le maireachtáil agus le go mbeidh rath orthu i ngach réigiún. Is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar go leor bealaí — lena n-áirítear tuiscint níos fearr a fháil ar a gcustaiméirí, a gcostais a laghdú agus a dtáirgí a fheabhsú.
Cuirtear an Ciste Trasdula Digiteach ar fáil faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP), a d’fhorbair an rialtas chun gur féidir le hÉirinn rochtain a fháil ar mhaoiniú faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais. Táthar ag súil go bhfaighidh Éire níos mó ná €900 milliún i ndeontais thar shaolré na Saoráide.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an ghné is mó de NextGenerationEU, freagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim dhomhanda. Is é an aidhm atá ann ná cabhrú an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a d’eascair as an bpaindéim a dheisiú agus chun ullmhú d’Eoraip iar-COVID atá níos glaise, níos digití, níos athléimní agus níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí.
Cúiseanna le digitiú
Tá sé de chumhacht ag teicneolaíochtaí digiteacha gnólachtaí beaga a athrú ó bhonn, rud a chruthaíonn deiseanna nua nach raibh ar fáil cheana ach do ghnólachtaí a bhí ar scála mór. Chuir géarchéim COVID-19 leis an gcumhacht atá ag cúrsaí digiteacha chun athléimneacht gnó a fhorbairt. Go deimhin, tá baol suntasach ann do chuideachtaí nach bhfuil ag plé le cúrsaí digiteacha — ní mór aghaidh a thabhairt ar an mbearna iomaíochais agus táirgiúlachta idir ghnólachtaí atá cumasaithe go digiteach agus gnólachtaí a bhfuil leibhéil ísle aibíochta digití acu.
Is féidir an méid seo a leanas a dhéanamh leis an digitiú:
Tá cabhair ar fáil do ghnólachtaí
Tríd an gCiste Trasdula Digiteach, méadóimid digitiú na ngnólachtaí uile maidir le táirgí, próiseas, slabhraí soláthair agus samhlacha gnó. Tiocfaidh méadaithe táirgiúlachta, rochtain ar mhargaí nua, nuálaíocht mhéadaithe agus iomaíochas feabhsaithe as sin.
Úsáidfear an Maoiniú chun cabhrú le cuideachtaí ag gach céim dá dturas digiteach — sna laethanta tosaigh nuair a théitear ar líne go simplí go dtí digitiú táirgí agus próisis ghnó, go dtí easpórtáil a éascú agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun margaí agus samhlacha gnó nua a fhorbairt.
Tá sonraí iomlána an Chiste Trasdula Digiteach ar fáil ag – Ciste Trasdula Digiteach — Fiontraíocht Éireann.
Tabhair faoi deara, faoi chritéir incháilitheachta an Chiste, nach mór do na tionscadail roghnaithe cloí leis an Treoir Theicniúil ‘Ná déan dochar suntasach’ (2021/C58/01).
Go sonrach: