Aonad 10B & 10C @ Bunbeag

Bunbeag,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall
F92 C662

Map

Tá an aonad seo lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i gceantar álainn na nDoirí Beaga. Ní bheidh cúrsaí tráchta ná páirceála ag déanamh imní duit sa gceantar seo. Tá fáil ar neart áiseanna sa gceantar lena n-áirítear bialanna, caiféanna, oifig an phoist, gruagaire agus bunscoil agus meánscoil.

 

Cur Síos Gairid ar an bhfoirgneamh

Aonad oifige/glaonna

Láthair fáiltithe

Spás de 1260m2

Neart spás páirceála (50 spás +)

Leathanbhanda ardluais 100MB ar an láthair

Rochtain theoranta

Suíomh

Tá an aonad seo suite ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i gceantar cósta Dhoirí Beaga atá thart ar 50.7 ciliméadar ó Leitir Ceanainn agus 72.5 ciliméadar ó Bhaile Dhún na nGall.

Tá aersheirbhís ar fáil ó Aerfort Dhún na nGall atá 15.6 ciliméadar ó Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Téann dhá eitilt go laethúil ón t-aerfort go hAerfort Bhaile Átha Cliath agus téann chúig eitilt ón aerfort go hAerfort Ghlaschú 5 lá sa tseachtain.

Tá Institiúid Tríú Leibhéal lonnaithe sa gceantar, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Cur Síos Mion

Tá fáiltiú, 6 seomra cruinnithe, ceaintín mór agus leithris san aonad oifige seo. An soláthar reatha leictreachas ná 3 Phas agus is ola an córas teasa atá anseo. Tá na doirse agus fuinneoga déghloinithe, agus is córas soilse comhtháite atá ann. Tá aláram ar an aonad oifige seo. €18,455 an rata tráchtála don bhliain agus braitheann na rátaí uisce ar an méid a úsáidtear agus tá sé sin iníoctha go Uisce Éireann.

Tacaíochtaí Airgeadais do Ghnóthaí

Tá Údarás na Gaeltachta in ann réimse dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnóthaí incháilithe agus do chomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla chun dul i mbun gnó nó chun lonnú agus forbairt a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta comhlachtaí sa nGaeltacht lenár gcúnamh.

Tá cúnamh ar fáil ag clúdach réimse earnálacha incháilithe ó mhicreaghnóthaí go comhlachtaí móra i réimsí cosúil le:

  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT)
  • Déantúsaíocht Chomhaimseartha agus Nideoige
  • Seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Feistí Leighis agus Cógaisíochta
  • Ábhar Closamhairc agus Digiteach
  • Fiontraíocht Ghaeilge bunaithe
  • Próiseáil Bia
  • Feirmeoireacht agus Próiseáil Éisc
  • Turasóireacht Chultúrtha
  • Ealaín agus Ceardaíocht
  • Fiontair Phobalbhunaithe
  • Acmhainní Nádúrtha

Más ag machnamh ar do ghnó a leathnú go dtí réimse nua, teacht ar mhargaí nua, táirge nua a fhorbairt nó do ghnó a éagsúlú i dtreo nua atá tú, seans go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta cabhrú leat.

Tacaíochtaí Maoine

Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. San áireamh anseo tá:

  • Suíomhanna Tionsclaíochta
  • Páirceanna Gnó
  • Ionaid Fiontraíochta
  • Spásanna Oifige
  • Aonaid Gnó do Ghnóthaí Nuabhunaithe
  • Suíomhanna Forbartha
  • Ionaid Cheardaíochta

Tá foirgnimh ar fáil ag rátaí cíosa iomaíocha agus tá leas le baint ag gnóthaí as socruithe léasa solúbtha. Is féidir athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh le riachtanais ghnó a shásamh agus iad a ligean ar léas mar chuid de chlár tacaíochta fiontraíochta.