*De bharr cúinsí aimsire agus cúinsí eile, tá lá oscailte seo in Inis Oírr ar ceal.

*De bharr cúinsí aimsire agus cúinsí eile, tá Comharchumann Caomhán chun an lá oscailte in Inis Oírr a chur ar ceal. Tá súil againn dáta eile a fháil le linn an tsamhraidh agus tá siad ag súil go mór le daoine a fháiltiú chuig an Teach Solais nuair a bheidh dáta nua socraithe. Is féidir sonraí a fháil ó bainisteoir@discoverinisoirr.com
Tá cuireadh á dtabhairt ag Comhar Caomhán Teoranta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Soilse na hÉireann, don phobal freastal ar Lá Oscailte Pobail ag an teach solas. Níos déanaí sa lá, tabharfar deis don phobal a gcuid tuairimí agus smaointí faoin dteach solais a chur in iúl i gcruinniú poiblí in Áras Éanna.
Beidh an lá oscailte ag tógáil ar an treoirleabhar, ó Fhís go Feidhmiú, a fhoilsíodh go hoifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i Mí Dheireadh Fómhair 2025. Is treoir phraiticiúil í Ó Fhís go Feidhmiú maidir le forbairt tithe solais faoi stiúir an phobail.
Labhróidh Eimear Ní Mhathúna ó Theach Solais Fhánada faoina dtaithí agus tabharfaidh sí léargas ar an gclár rathúil atá curtha i gcrích ag Forbairt Fánada, a shínigh léas nua 20 bliain don teach solais i nDún na nGall anuraidh.
Beidh Sean Ó Gallachóir agus Tina Nic Eafarartaith ó Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile in Eachléim i láthair chomh maith, lena dtaithí a roinnt maidir leis an Teach Solas sa bhFód Dubh atá oscailte do chuairteoirí ó 2021.
Dúirt Meadbh Seoighe, Bainisteoir Turasóireacht Údarás na Gaeltachta:
‘Is deis iontach í seo do phobal Inis Oírr a smaointí a chur in iúl agus na féidearthachtaí atá ann dá dteach solais fhéin a fheiceáil. Beidh seans ag muintir na háite suim a léiriú le bheith páirteach san obair. Tá súil againn go spreagfar scéalta ón bhFód Dubh agus ó Fhánada daoine chun togra a fhorbairt in Inis Oírr. Teastaíonn comhoibriú agus tosaíocht ón bpobal chun an togra seo a fhorbairt.’
Tabharfaidh an ócáid deis don phobal cuairt a thabhairt ar an teach solais don chéad uair agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina thodhchaí.
Clár an lae:
11:00rn - 3:00in / Cuairt ar an Teach Solas
Beidh doirse an túir oscailte don phobal ar feadh an lae. Beidh deis siúl thart ar an láthair, agus dul go barr an túir le radharc iontach a fháil ar an oileán agus ar an bhfarraige.
3:30in - 5:00in / Plé oscailte faoi thodhchaí an Teach Solas
Tar éis na cuairte, tabharfar cuireadh do gach duine teacht le chéile chun smaointe a roinnt agus deiseanna a fhiosrú don todhchaí. Beidh Eimear Ní Mhathúna ó Theach Solais Fhanada agus Sean Ó Gallachóir agus Tina Nic Eafarartaith ó Theach Solais an Fhóid Duibh i láthair chun taithí agus léargais a roinnt ó na tograí rathúla atá curtha i gcrích acu.