Tapaidh an deis do Scéim Scoláireachta do Phrintísigh Údarás na Gaeltachta

Tá an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh do Scéim Scoláireachta do Phrintísigh Údarás na Gaeltachta ag teannadh linn. Spriocdháta iarratais Dé hAoine an 27 Márta, 2026.
Cuireann Scéim Scoláireachta do Phrintísigh Údarás na Gaeltachta os cionn 40 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil do rannpháirtithe atá cláraithe faoin scéim.
Tugann na scoláireachtaí deis dóibh siúd atá cláraithe a gcuid scileanna a fhorbairt agus aitheantas acadúil a bhaint amach ina bprintíseach cláraithe.
Tá treoir an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh le hiarrthóirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu agus cuireann sé ar a gcumas cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta caighdeán bunaithe atá aitheanta ag an gComhairle Printíseachta.
Áirítear Printíseachtaí Ceirde agus Printíseachtaí Nua Aoiseacha faoin scéim agus tá liosta iomlán na bPrintíseachtaí ar fáil ag www.apprenticeship.ie
Fógraítear an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh faoi dhó in aghaidh na bliana le linn thréimhse an Earraigh agus an tSamhraidh. Tá 15 earnáil éagsúla ag teacht faoin scéim seo agus os cionn 70 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag an gComhairle Printíseacht agus oscailte do phobal na Gaeltachta i nGaeilge.
Dáta deireanach le haghaidh iarratais an Earraigh: Dé hAoine, 27 Márta 2026.
Tá eolas faoi Scéim na bPrintíseach anseo Scéim na bPrintíseach | Oiliúint | Fostaíocht & Oiliúint | Údarás na Gaeltachta.
Is féidir suim a léiriú sa scéim ag an nasc seo: Foirm léiriú spéise do Scéim na bPrintíseach 2026
Tuilleadh eolais:
Réigiún na Mumhan: s.nichurnain@udaras.ie
Réigiún an Iarthair agus na Mí: g.nichoisdealbha@udaras.ie
Réigiún an Tuaisceart: a.nicaoidh@udaras.ie