
D'oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, go hoifigiúil inniu gteic @ Uíbh Ráthach, mol nuálaíochta digití agus oibre cianda den chéad scoth ar Leithinis Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí. Forbartha ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá líonra náisiúnta mol gteic atá ag fás i gcónaí, is infheistíocht shuntasach sa todhchaí é an mol seo do cheantracha tuaithe na hÉireann, ag tairiscint spás oibre, cruthaitheachta agus fáis den scoth d'aon duine gairmiúil.
Cúpla coiscéim ón Atlantach i mBaile na Sceilge, seasann gteic @ Uíbh Ráthach; spás oibre a cruthaíodh go speisialta don lucht oibre nua-aimseartha. Ar nós fostaithe cianda, saorfhostaithe, fánaíthe digiteacha, fiontraithe, agus gairmithe cruthaitheacha eile. Cuireann an mol seo ar chumas na n-oibrithe seo a bheith ag obair go náisiúnta agus idirnáisiúnta, i gcroílár ceann de na háiteanna is áille ar domhan.
Ag labhairt ag oscailt an lae inniu, dúirt an tAire Dara Calleary TD:
"Tá gteic @ Uíbh Ráthach ag athrú an tslí a ndéantar gnó i gceantair tuaithe na hÉireann go bunúsach. Níl teorainn le dul chun cinn ag an tíreolaíocht a thuilleadh — cuireann líonra gteic ar chumas fiontraithe, oibrithe cianda agus gnólachtaí sa cheantar dul i ngleic go díreach le margaí agus le deiseanna ar fud an domhain. Ní gá rogha a dhéanamh idir gnó rathúil agus saol maith, tá an dá rud le fáil in Uíbh Ráthach. Is mar gheall air sin atá an ceantar seo ina áit iontach le gnó a dhéanamh."
Dúirt Tomás Ó Siocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
"Is é gteic @ Uíbh Ráthach an mol digiteach is déanaí inár líonra atá ag leathnú ar fud na Gaeltachta. Ó Dhún na nGall go Ciarraí, tá moil gteic ag fás agus ag neartú ar fud na tíre. Léiríonn na moil seo go bhfuil an Ghaeltacht beo, bríomhar agus réidh don todhchaí."
Áiseanna den chéad scoth
Deasca Sealaíochta & Tiomnaithe – Oiriúnach do dhaoine a thagann isteach ó am go chéile, do shaorchleachtóirí, agus d’oibrithe cianda atá ag lorg spás gairmiúil ina mbeidh siad in ann díriú ar a gcuid oibre.
Seomraí Cruinnithe – Spásanna lánfheistithe atá oiriúnach don chomhoibriú, do cruinnithe le cliaint, nó cruinnithe foirne.
Áiseanna Oiliúna & Imeachtaí – Spásanna atá oiriúnach do cheardlanna, imeachtaí líonraithe nó seisiúin oiliúna gnó i dtimpeallacht nua-aimseartha, dea-fheistithe.
Dúirt Caitlín Breathnach, Bainisteoir Forbartha Gnó ag Údarás na Gaeltachta (gteic @ Uíbh Ráthach):
"Is áis í gteic @ Uíbh Ráthach atá oscailte do chách, do mhuintir an cheantair agus do chuairteoirí. Áit í inar féidir le daoine teacht le chéile, oibriú, foghlaim, agus nasc a chruthú leis an bpobal áitiúil. Bíodh tú i do chónaí anseo nó ar cuairt, tá fáilte romhat."
Tá gteic @ Uíbh Ráthach mar chuid de líonra náisiúnta de bhreis is 30 mol gteic ar fud na Gaeltachta. Tá na moil seo forbartha ag Údarás na Gaeltachta le tacaíocht a thabhairt do nuálaíocht, fiontraíocht agus inbhuanaitheacht, chomh maith leis an nGaeilge agus an cultúr a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Cuir Spás in Áirithe Inniu
Tá gteic @ Uíbh Ráthach oscailte anois agus fáilte á cur roimh dhaoine aonair, foirne agus eagraíochtaí. Is féidir spásanna a chur in áirithe ar líne ag:
ConnectedHubs.ie: https://connectedhubs.ie/hubs/profile/140 Údarás na Gaeltachta: https://udaras.ie/en/gteic/gteicuibh-rathach/