Údarás na Gaeltachta ag Tacú Le Soláthar Deiseanna Foghlama Gaeilge d’Fhostaithe Ghaeltachta

20 Feabhra, 2026

nóiméad léite

A happy remote worker is sitting in cafeteria and having online meeting with clients.

Fógraíonn Údarás na Gaeltachta comhpháirtíocht nua le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) chun líon cúrsaí Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil d’fhostaithe i ngnólachtaí Gaeltachta ar fud na Gaeltachta.

Bróisiúr Eolais

Is é an eagraíocht Gaelchultúr a bheidh ag reáchtáil na gcúrsaí, atá aitheanta ag QQI ar leibhéil 2–6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Is cúrsaí páirtaimseartha ar-líne, rang amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh 12 seachtain atá i gceist agus cuirfear tús leo i Mí an Mhárta.

Cuirfear béim sna cúrsaí ar scileanna teanga praiticiúla agus ar chumarsáid mhuiníneach, ag freastal ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal:

Leibhéal 2 (A1) do dhaoine gan mórán Gaeilge

Leibhéal 3 (A2) do dhaoine gan mórán Gaeilge

Leibhéal 4 (B1) do dhaoine a d'fhoghlaim Gaeilge ar scoil

Leibhéal 5 (B2) do dhaoine atá ar a gcompord ag labhairt Gaeilge ó am go chéile

Leibhéal 6 (C1) do chainteoirí ardchaighdeáin ar mian leo a gcuid scileanna a shaibhriú

Ina theannta sin, cuirfidh Údarás na Gaeltachta scéim tacaíochta bhreise ar fáil chun tacú le rannpháirtithe cáilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a bhaint amach más mian leo tabhairt faoi.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga, Údarás na Gaeltachta:

'Tá áthas orainn an comhpháirtíocht nua seo le MSLETB agus Gaelchultúr a fhógairt. Léiríonn sé tiomantas Údarás na Gaeltachta tacaíocht a thabhairt d'fhostaithe sna Gaeltachtaí a gcuid Gaeilge a neartú ina saol oibre laethúil. Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach ag an gclár seo ar úsáid na Gaeilge sna pobail ina bhfuil ár bhfostaithe ag obair agus ag maireachtáil.'

Le tuilleadh eolais a fháil nó le spéis a léiriú, déan teagmháil le: pleanailteanga@udaras.ie