GAIRM oscailte anois agus iarratais á lorg do 2026-28

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis scéim ceannródaíoóch do chéimithe, Gairm, a fhógairt. Don dara uair, tá conradh oiliúna dhá bhliain, GAIRM, agus Dioplóma Iarchéime, á dtairiscint ag Údarás na Gaeltachta do chéimithe.
Gheobhaidh na hiarrthóirí rathúla taithí ghairmiúil mar oifigeach feidhmiúcháin i rannóga éagsúla an Údaráis thar thréimhse dhá bhliain. I dteannta leis an gconradh, beidh deis an na céimithe tabhairt faoi Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA).
Is do chéimithe atá líofa sa Ghaeilge an conradh oiliúna seo, agus é oscailte do chéimithe de gach cineál cáilíochta - gnó, teicneolaíocht, cuntasaíocht, pleanáil, bainistiú tograí, eolaíocht, na heolaíochtaí sóisialta agus cumarsáid san áireamh.
Beidh rogha ag na rannpháirtithe a bheith lonnaithe in aon oifig réigiúnach de chuid an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh, i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, i mBéal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo, i nDaingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí nó i mBaile Mhic Íre i gCo. Chorcaí.
“Is clár ceannródaíocht é GAIRM. Tá an taobh acadúil ann san Ollscoil ach ansin tá an taithí phraiticiúil ag an obair. Agus mar fhostóir, duine ag iarraidh a bheith ag teacht ar dhaoine amach anseo, ar bhainisteoirí agus ar dhaoine a bhfuil taithí acu – tá luach ar leith leis sin,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
"Is í an fhís atá againn ná go mbeadh na daoine seo ina gceannairí agus ina mbainisteoirí amach anseo, bíodh sé leis an Údarás nó sa státseirbhís. Áit a bhfuil éileamh ollmhór ar dhaoine le Gaeilge, éileamh a bheidh ag fás." a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
Mar chuid den chlár oiliúna, tabharfaidh na rannpháirtithe faoi Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) in OTA . Dearadh an cúrsa go hiomlán as an nua in 2024, agus tá sé dírithe go sonrach ar rannpháirtithe GAIRM chun a gcuid scileanna bainistíochta a fhorbairt agus iad ag tabhairt faoi ceithre módúil déag thar tréimhse dhá bhliain.
Dúirt Diarmuid Ó Conghaile, Ceann na Roinne Gnó agus Cuntasaíochta in OTA, “Nuair a bhí muid ag cur an dioplóma le chéile, shuí muid síos leis an Údarás chun go mbeadh tuiscint againn céard a bhí ag teastáil ó thaobh na scileanna difriúla, ó thaobh na hábhair difriúla agus an t-eolas difriúil a bhí siad ag iarraidh.”
“Tá chuile cineál abhair ann ó thaobh bainistiú airgid de, ó thaobh cumarsáid de, ó thaobh ceannaireacht agus ó thaobh bainistíocht go ginearálta freisin. Tá muid ag ceapadh go bhfuil na scileanna ginearálta ann, ach scileanna gur féidir leo úsáid gach lá agus iad ag obair, i mbun tograí nó ag obair agus iad mar ball ar foireann agus iad ag triail coincheap áirid a bhaint amach.”
Tar éis do na rannpháirtithe an dioplóma a chur i gcrích go rathúil, beidh deis acu tabhairt faoi Máistreacht i gCleachtas Gairmiúil i Staidéar Bainistíochta agus Forbartha (30 creidiúint ECTS) thar seimeastar amháin sa bhreis.
Faoi láthair, tá an chéad chohórt de rannpháirtithe GAIRM níos mó ná leath bhealach tríd an chonradh oiliúna agus iad tagtha ó cheann ceann na tíre leis an deis seo a thapú. Dúirt Niamh Ní Dhubhaigh, ar as Dún na nGall di ó dhúchas ach a bhfuil lonnaithe san Ardoifig sna Forbacha, go bhfuil iliomad deiseanna faighte aici le bliain anuas, “De réir mar a chuaigh mé tríd achainn rannóg san Údarás, bhailigh mé scileanna difriúla de réir mar a bhí mé ag déanamh an chuid oibre sin.”
Tá Niamh tar éis tréimhse a chaitheamh ag obair i gcúig rannóga éagsúla go dtí seo. “De réir achainn rannóg, chuaigh mé ar aghaidh, d’fhoghlaim mé scil agus bhí mé ábalta sin a aistriú sa chéad rannóg eile. Anuas ar sin, bhí mé ábalta na scileanna a d’fhoghlaim mé san Údarás a ghlacadh anonn go dtí an OTA agus na rudaí atá muid ag foghlaim faoi san Ollscoil ghlacadh ar ais go dtí an Údarás”
Tá GAIRM oscailte anois d’iarratais don tréimhse 2026-2028.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Glacfar le hiarratais go dtí 13ú Feabhra 2026
Seol CV chuig foluntais@udaras.ie
Éist le rannpháirtithe reatha anseo: GAIRM 2026 - YouTube