
Tá cead faighte ag Údarás na Gaeltachta chun ligean do Larkin Engineering as Tuaim obair réamhullmhúcháin a dhéanamh sa Spidéal ar an láthair a bhí ag Innill Dóiteáin Teoranta go dtí gur leachtaíodh an comhlacht níos luaithe i mbliana. Tá an comhlacht ag obair ar an láthair le roinnt seachtainí anuas agus tá plean gnó curtha isteach acu chuig an Údarás chun gnó innealtóireachta nua a bhunú agus postanna a chruthú in ionad na bpost a cailleadh.
Dúirt Noreen Breathnach ó Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta: "Tá muinín iomlán againn as taithí agus tiomantas Larkin Engineering, agus táimid ag tnúth le comhoibriú leo chun an gnó seo a fhorbairt agus a neartú sna blianta atá le teacht."
Le linn phróiseas leachtaithe Innill Dóiteáin Teoranta, d'éirigh le Larkin Engineering cuid mhaith d'innealra agus sócmhainní an chomhlachta a fháil ag ceant poiblí.