Údarás na Gaeltachta ag Tacú le Salt Medical Ltd le Deontas Fostaíochta €195,000 i mBaile Chláir na Gaillimhe

17 Samhain, 2025

nóiméad léite

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fógra a dhéanamh go bhfuil deontas fostaíochta suas le €195,000 ceadaithe acu do Salt Medical Ltd, comhlacht feistí leighis atá lonnaithe i bPáirc Chorporáideach Bhaile Chláir na Gaillimhe. Cruthóidh an infheistíocht seo deich bpost nua san earnáil teicneolaíochta leighis sa Ghaeltacht. 

Bunaíodh Salt Medical Ltd sa bhliain 2023 mar Eagraíocht Forbartha agus Déantúsaíochta Conarthaí (CDMO) atá dírithe ar réitigh éagsúla feistí leighis d'ardchaighdeán a sholáthar do chliaint sa tionscal cúram sláinte go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá an comhlacht ag feidhmiú cheana féin ó Aonad 18 i bPáirc Chorparáideach Bhaile Chláir, áis nua-aimseartha d'achar 196 méadar cearnach ina bhfuil seomra íonghlan Rangú 8 agus saotharlanna T&F. 

Forbairt Straitéiseach 

Tacóidh an deontas le plean forbartha uaillmhianach an chomhlachta, lena n-áirítear: 

  • Saotharlann T&F breise a chruthú le trealamh sofaisticiúil ar nós printéir 3D, meaisín táthú léasair agus micreascóp ardtaifigh 
  • An fhoireann a leathnú ó 10 fostaí go 20 fostaí thar thréimhse trí bliana 
  • Poist nua in innealtóireacht déantúsaíochta, innealtóireacht deartha, margaíocht agus bainistíocht tograí 

Ráiteas ón Údarás 

"Tá ríméad orainn tacaíocht a thabhairt do Salt Medical Ltd, comhlacht nuálach atá ag cur go suntasach le hearnáil na bhfeistí leighis sa Ghaeltacht," a dúirt Miriam Ní Néill, Údarás na Gaeltachta 

"Is sampla iontach é seo d'fhiontar ardfháis atá ag cruthú postanna d’ardchaighdéan i réimsí tábhachtacha de gheilleagar na bithshláinte. Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas Údaráis na Gaeltachta do thacú le cuideachtaí ardtheicneolaíochta atá ag fás agus ag déanamh gnó go hidirnáisiúnta ó ionaid Ghaeltachta." 

Freastalaíonn an comhlacht ar chustaiméirí in Éireann, san Eoraip, i Meiriceá, san Áis agus sa Mheánoirthir, ag soláthar seirbhísí proifisiúnta deartha, comhairleoireacht rialála agus seirbhísí déantúsaíochta don earnáil feistí leighis.