
Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra an Aire Calleary go bhfuil 400 mol cláraithe le ConnectedHubs.ie. Rinneadh an fógra ag Cruinniú Náisiúnta na Molanna i mBéal Átha na Slua.
Tá ról lárnach ag gteic, gréasán de 29 mol nuálaíochta & digiteacha Gaeilge atá á rith ag Údarás na Gaeltachta, sa dul chun cinn seo. Tá gteic ag cinntiú go bhfuil rochtain ag pobail Ghaeltachta ar dheiseanna cianoibre den scoth.
Trí oibriú le ranna rialtais agus le comhlachtaí teicneolaíochta, tá gteic tar éis réitigh nuálacha a sholáthar chun tacú le cianobair trí Ghaeilge, rud atá ríthábhachtach d'athbheochan shóisialta agus gheilleagrach na gceantar seo.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta,
" Tá ról ceannródaíoch ag Údarás na Gaeltachta maidir le cianoibriú i bpobail tuaithe. Trí ár ngréasán de 29 mol nuálaíochta agus digiteacha Gaeilge, tá muid ag cinntiú nach mbeidh aon bhac ar phobail Ghaeltachta rochtain a fháil ar na deiseanna cianoibre agus forbartha."
'Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Calleary:
"Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, tá sé tábhachtach domsa go mbeadh rochtain acu siúd atá ina gcónaí faoin tuath ar na deiseanna cianoibre atá ag dul i méid le blianta beaga anuas."'
Tá gteic ag obair go leanúnach chun tacú le forbairt líonra na molanna, ag cur oiliúna ar fáil agus ag cruthú comhpháirtíochtaí le fostóirí chun deiseanna cianoibre trí Ghaeilge a mhéadú.