Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhorbairtí móra ag ÉireComposites in Indreabhán

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhorbairtí móra ag ÉireComposites in Indreabhán

12 Samhain, 2025

nóiméad léite

Tá an tionscadal LIFT (Logistics Integrated Flight Technology) tar éis  €3.8 milliún a fháil ón Disruptive Technologies Innovation Fund (DTIF) chun réiteach nuálach a fhorbairt a chuirfidh ar chumas oibreoirí lóistíochta seirbhísí seachadta drónanna a ghlacadh ar scála.

Tá an tionscadal dírithe ar fhadhb mhór atá ag cur bac ar fhorbairt na hearnála – easpa inscálaitheachta i monaróireacht ábhar comhdhéanta casta. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair agus ar theicníochtaí táirgthe, díreoidh LIFT ar fheidhmíocht drónanna a uasmhéadú agus réiteach iomlán comhtháite a sholáthar atá dírithe go sonrach ar riachtanais oibreoirí lóistíochta.

Comhpháirtithe an Chonsóirtiam:

  • IONA Logistics Ltd
  • ÉireComposites Teo
  • Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Tá an tionscadal lonnaithe i gceantair réigiúnacha éagsúla ar fud na tíre, lena n-áirítear Baile Átha Cliath, Gaillimh agus an Clár, agus cuirfidh sé le Tosaíocht Taighde Náisiúnta na hÉireann i réimse na Monaróireachta agus na nÁbhar.

Dúirt Dearbháil Ní Chualáin, Stiúrthóir fiontraíochta, Fostaíochta, Maoine agus Innealtóíreachta, Údarás na Gaeltachta:

"Léiríonn éacht ÉireComposites an cineál nuálaíochta agus ceannródaíochta atá ag tarlú sna Gaeltachtaí againn. Tá an comhlacht seo ag cruthú poist ardscileanna agus ag cur go mór le todhchaí eacnamaíoch cheantar na Gaeltachta. Táimid an-bhródúil as tacú le fiontar den chineál seo a chuireann Gaeltacht na Gaillimhe chun tosaigh i réimse na nuálaíochta ar fud an domhain."