Údarás na Gaeltachta ag tacú le “Solar mar Sheirbhís”

Beidh muintir Ghaeltacht Dhún na nGall ar na chéad cheantair sa tír le deis rochtain a fháil ar an tseirbhís a chuirfidh painéil gréine ar fáil gan réamhchostais

7 Samhain, 2025

nóiméad léite

Cuirfidh “Solar mar Sheirbhís” ar chumas úinéirí tithe rochtain a fháil ar chóras fótavoltachais (PV), gan aon réamhchostais. Cuirfear tús le seisiúin eolais faoin tseirbhís an tseachtain seo chugainn.

Soláthróidh Digren Energy, i gcomhar le grúpaí áitiúla, 'Solar mar Sheirbhís' do mhuintir na Gaeltachta in iarthuaiscirt Dhún na nGall den chéad uair riamh.

Is múnla cliste soláthair fuinnimh é SaaS ina nglacann an soláthraí freagracht as costas suiteála na bpainéal gréine. As an bhfuinneamh a ghinfear ón gcóras, gheobhaidh úinéirí tí ráta seasta níos ísle ná leictreachas traidisiúnta – gan aon infheistíocht le déanamh roimh ré.

Cé go raibh SaaS ar fáil don earnáil tionsclaíochta agus gnó le cuid mhaith blianta anuas, don chéad uair riamh, beidh an tseirbhís á thairiscint do thithe príobháideacha. Beidh na ceantair Ghaeltachta Ghaoth Dobhair, Na Rossa, Cloich Cheann Fhaola mar aon le hoileáin Thoraigh agus Árainn Mhór ar na chéad cheantair sa tír le leithéid de dheis a fháil.

Seisiúin eolais:

11 Samhain 2025 - Árainn Mhór, An Chultúrlann ag 12.00 agus 3.30in

12 Samhain 2025 - Ionad Theampaill Cróine, An Clochán Liath ag 2.00in

12 Samhain 2025 - An Chrannóg, Gaoth Dobhair ag 8.00in

13 Samhain 2025 - Ionad Mhachaire Rabhartaigh ag 2.30in

13 Samhain 2025 - Pobal Eascarrach, An Fál Carrach ag 7.30in

14 Samhain 2025 - Toraigh, An tIonad Lae ag 10.00rn

 

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir teagmháil a dhéanamh le Cathal Ó Gallchóir ag c.ogallchoir@udaras.ie