Ionad pobail €9.3m ar an mbealach do Mhaigh Cuilinn

20 Deireadh Fómhair, 2025

nóiméad léite

Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta, An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Forbartha Pobail Mhaigh Cuilinn

Inniu, chas an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fód chun tús a chur le tógáil Ionad Pobail Mhaigh Cuilinn, áis phobail nua do Mhaigh Cuilinn agus don cheantar máguaird.

Bhí ról ríthábhachtach ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt an tionscadail seo ó thús, ag obair i gcomhpháirtíocht le Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn agus leis an bpobal áitiúil.

Ag labhairt inniu i Maigh Cuilinn, dúirt an tAire Calleary:

"Tá áthas orm a bheith anseo inniu i Maigh Cuilinn agus muid ag casadh an fhóid do thosú tógála an ionaid iontach seo. Cuirfidh an tsaoráid phobail seo, lena n-áirítear mol fiontraíochta, go mór le saol an phobail dóibh siúd i Maigh Cuilinn agus sa cheantar máguaird níos leithne."

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Forbartha Pobail Mhaigh Cuilinn:

"Is lá stairiúil é seo do Mhaigh Cuilinn. Faoi dheireadh, feicfidh an pobal tairbhe na hoibre a rinne glúnta dár mbaill a bhí ag iarraidh áiseanna den scoth a sholáthar don cheantar. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Calleary, le hÚdarás na Gaeltachta, agus go háirithe leis an bpobal áitiúil as a dtacaíocht."

Ag cur béime ar thábhacht na comhpháirtíochta, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Táimid thar a bheith bródúil as ár gcomhpháirtíocht le Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn agus leis an bpobal áitiúil i dtaca leis an tionscadal tábhachtach seo. Beidh ról lárnach ag an ionad nua seo i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus theangeolaíoch Mhaigh Cuilinn"

Beifear ag tógáil áis nua-aimseartha a chuirfidh go mór le beocht phobail Mhaigh Cuilinn agus an cheantair níos leithne. Áireofar leis an bhforbairt:

  • Halla mór ilfheidhmeach
  • Mol d'Fhiontraithe
  • Seomra mór ilchuspóireach d'imeachtaí pobail
  • Seomra ceoil, drámaíochta agus forbartha cruthaitheach
  • Oifigí pobail, seomraí feistis, agus áiseanna comónta