Comórtas Ábhar Cruthaitheach AI as Gaeilge

8 Deireadh Fómhair, 2025

nóiméad léite

Spreagann an comórtas cruthaitheoirí chun ábhar Gaeilge a chruthú ag baint úsáid as teicneolaíocht AI

Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas tacaíocht a thabhairt do chruthaitheoirí chun teicneolaíocht AI a iniúchadh agus níos mó ábhair i nGaeilge a chruthú. Tá fáilte roimh iontrálacha ag An Togra Scéalaí - Project Scéalaí - FilmFreeway, áit a bhfuil sonraí iomlána an chomórtais agus treoirlínte iontrálacha ar fáil. 

Feiceáilteacht na Gaeilge san ré dhigiteach

Tá gá a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge beo agus feiceálach san ré dhigiteach nua ina bhfuilimid.
Faoi láthair is beag ábhar atá ar fáil ar ardáin theicneolaíochta i nGaeilge, i gcomparáid le teangacha eile. Ceann de na bealaí chun an t-easnamh seo a réiteach ná cumasú a dhéanamh ar an bpobal le cur go mór leis an méid ábhar ar fáil i nGaeilge. Tugann seo an deis do dhaoine ábhar a chruthú dá gclainne agus dá gcairde agus dá réir ag cur go mór le timpeallacht dhigiteach Ghaelach.
Trí páirt a ghlacadh sa chomórtas seo tá deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta foghlaim faoi na huirlisí is déanaí chun cur le hábhar físeáin i nGaeilge.

"Tá áthas orainn an comórtas seo a sheoladh chun tuilleadh ábhair i nGaeilge a spreagadh," a deir Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Seirbhísí Coparáideacha Údarás na Gaeltachta. 

 "Tá súil againn go bhfeicfimid níos mó ábhar físe á dhéanamh trí Ghaeilge." 

Tá an comórtas ar oscailt do gach duine ar mhaith leo ábhar i nGaeilge a chruthú le cuidiú ó uirlisí AI. Tugann sé deis do chruthitheoirí tástáil a dhéanamh ar theicneolaíocht AI agus iad ag cur le stór na meán Gaeilge. 

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go dtarraingeoidh an comórtas isteach cruthaitheoirí le taithí agus daoine nua chun triail a bhaint as uirlisí AI.

Léireoidh an comórtas cén chaoi gur féidir leas a bhaint as uirlisí AI chun ábhar físe i nGaeilge a chruthú, rud a d'fhéadfadh spreagadh a thabhairt do níos mó cruthitheoirí oibriú leis an teicneolaíocht AI agus leis an nGaeilge araon. 

Má tá suim agat páirt a ghlacadh, brúigh an cnaipe thíos le haghaidh treoirlínte iomlána agus rialacha an chomórtais. Tá gach eolas riachtanach ann do scannánóirí atá ag iarraidh iontráil a chur isteach.