Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte chroíúil roimh bhua Folláin ag bronnadh Ghradam Rogha na Gaeltachta ag Blas na hÉireann, Gradaim Bhia na hÉireann 2025, a fógraíodh i Daingean Uí Chúis ar an Aoine 3ú Deireadh Fómhair.
Tugann Gradam Rogha na Gaeltachta aitheantas do tháirgeoirí bia den scoth atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta a iompraíonn spiorad na Gaeilge, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr ina gcuid táirgí.
Ag bronnadh an ghradaim ar son Údarás na Gaeltachta, dúirt Donal Ó Liatháin, Bainisteoir Réigiún an Deiscirt : "Is mór an pléisiúr dom Gradam Rogha na Gaeltachta na bliana seo a bhronnadh ar Folláin. Tá fíor-nuálaíocht léirithe acu le blianta fada anuas, agus iad fós fréamhaithe go daingean ina bpobal agus ina dtraidisiúin – éacht déanta acu agus gur fada buan iad."
Ag caint faoi thacaíocht Údarás na Gaeltachta do ghnólachtaí bia sa Ghaeltacht, dúirt Donal: "Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt do mo chomhghleacaithe in Údarás na Gaeltachta a oibríonn go laethúil leis na gnóanna seo, ag tacú lena n-uaillmhian agus lena bhfás ar gach céim den turas. Tá a ndúthracht lárnach chun ár bpobail Ghaeltachta a choimeád beo bríomhar."