Deontas do chomhlacht seanbhunaithe Gaillimheach Divilly’s Ltd.

Údarás na Gaeltachta ag tacú le fostaíocht agus inbhuanaitheacht in earnáil feoil na Gaeltachta

10 Meán Fómhair, 2025

nóiméad léite

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil Deontas Fostaíochta Eocharphoist (2), Deontas Scéim Tairiscint Glas, Deontas Scéim Móide Glas agus Deontais Caipitil (Trealamh) €174,500 le bronnadh acu ar Divilly’s Ltd.

Cabhróidh na deontais leis an gcomhlacht clár inbhuanaitheachta don tréimhse 2025-2028 a chur i gcrích trí thacaíocht a thabhairt le dul chun cinn straitéiseach a dhéanamh i dtreo inbhuanaitheachta, éifeachtúlachta fuinnimh, agus láidriú na foirne bainistíochta.

Tá sé mar aidhm ag Divilly’s Ltd cur lena iomaíochas trí bhainistíocht fheabhsaithe ar acmhainní, feabhsú leanúnach agus forbairt ceannaireachta laistigh den ghnó.

Bunaíodh Divilly’s Ltd sa bhliain 1927 agus tá an comhlacht lonnaithe i gceantar an Chairn Mhóir ó 2003. Is fostóir ríthábhachtach iad sa cheantar agus tá siad ag feidhmiú in earnáil atá ag fás go leanúnach. Faoi láthair, tá 49 fostaithe ag an gcomhlacht agus tá sé i gceist go mbeidh 77 fostaithe acu in 2027.

Tá sprioc shoiléir ag Divilly’s Ltd an gnó a leathnú agus táirgí nuálacha a chur ar an margadh. Tá an treo seo go hiomlán ag teacht le straitéisí náisiúnta agus Eorpacha a leagann béim ar nuálaíocht, inbhuanaitheacht aeráide, agus forbairt fhreagrach san earnáil bia.

Dúirt Shane Divilly, stiúrthóir tráchtála Divilly’s Ltd: “Táimid thar a bheith sásta tacaíocht a fháil ó Údarás na Gaeltachta, a ligfidh dúinn leanúint ag tógáil ar ár traidisiún seanbhunaithe fad agus muid ag ullmhú don todhchaí. Tá súil againn fás go hinbhuanaithe, táirgí nuálacha a chur ar an margadh agus cinntiú go bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh agus cleachtais fhreagracha i gcroílár gach rud a ndéanaimid. Thar aon rud eile, cabhróidh an infheistíocht seo linn ár bhfoireann a mhéadú anseo ar an gCarn Mór, agus is mór an chúis bhróid é seo dúinn. Táimid tiomanta i dtreo cinntiú go dtiocfaidh buntáistí fadtéarmacha as an bhfás seo dár bhfostaithe, dár gceantar agus don phobal Gaeltachta.”

Cuirfidh an infheistíocht atá beartaithe ag Údarás na Gaeltachta bonn láidir eolais agus bainistíochta faoi fhorbairt an chomhlachta, ag tacú le cinnteoireacht straitéiseach don todhchaí.

Is léiriú í an infheistíocht seo ar thiomantas leanúnach Údarás na Gaeltachta tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta, ní hamháin ar bhonn inbhuanaitheachta ach ar bhonn fostaíochta chomh maith.