Osclaítear Áis Caitheamh Aimsire Draíochtúil Nua i gCroílár Chonamara

27 Lúnasa, 2025

nóiméad léite

The official opening of The Seana Mhach Walking and Cycling Trail in Casla on Wednesday.

D'oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, Céim a hAon de Thionscadal Bonneagar Caitheamh aimsire Lasmuigh Sheana Mhach go hoifigiúil inniu, tá an togra tar éis infheistíochta €500,000 a fháil trí Scéim ORIS.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Dara Calleary TD:

"Sampla maith é an togra seo de thiomantas ár Rialtais tacú le pobail thuaithe agus Ghaeltachta trí bhonneagar praiticiúil a fhreastalaíonn ar mhuintir na háite agus a mheallfaidh cuairteoirí freisin chun blas a fháil ar áilleacht nádúrtha Chonamara. Léiríonn an cosán ilúsáide seo an chaoi gur féidir le hinfheistíocht stuama trí ORIS saol na ndaoine atá ina gcónaí anseo a fheabhsú agus ag spreagadh forbairt inbhuanaithe agus ag cosaint an chomhshaoil inár réigiún Gaeltachta."

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

"Is dea-shampla é an togra seo d'Údarás na Gaeltachta ag obair le ranna Stát agus le heagrais pobail chun infreastruchtúr a fhorbairt ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus ar mhaithe le turasóireacht inbhuanaithe a neartú sa nGaeltacht freisin. Cuireann forbairt Sheana Mhach le Gaeltacht Chonamara mar áit cónaithe, agus tá sé i gceist ag an Údarás an cur chuige seo a leathnú fud fad na Gaeltachta sna blianta atá romhainn."

Léiríonn an togra nua seo an chaoi gur féidir le hinfheistíocht stuama bonneagar praiticiúil a sholáthar do phobal Gaeltachta agus deiseanna turasóireachta inbhuanaithe a chruthú ag an am céanna. Tá lúibín siúlóide éagsúla curtha ar fáil anois gur féidir leat a shiúil nó a dhéanamh ar do rothar:

  • Bealach Sheana Mhach (7.00km) - siúlóid 2-2.5 uair
  • Lúibín Loch Bhárr an tSrutháin (2.69km) - siúlóid 0.75-1 uair
  • Lúibín Loch na mBruaichíní (3.35km) - siúlóid 0.75-1 uair

Tugann na cosáin nua radharcanna iontacha ar Loch Ghleann Mhac Muirinn, ar raon sléibhe na Beanna Beola agus ar Chuan Chasla.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire "Tá buíochas ar leith ag dul do na húinéirí talún sa gceantar a thug cead don fhorbairt bogadh chun cinn, chomh maith le buíochas leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail as an maoiniú, agus, ar ndóigh, Comhairle Ceantar na nOileán a d'fhorbair an togra thar ceann an Údaráis”

Tugann an bonneagar nua:

  • Rochtain shábháilte ar chaitheamh aimsire don phobal áitiúil
  • Tacaíocht do shaol sláintiúil gníomhach sa tuath
  • Spreagadh don gheilleagar áitiúil trí thurasóireacht
  • Deiseanna oibre nua in earnáil an chaitheamh aimsire lasmuigh
  • Tacaíocht d'óstáin agus d'ionaid bia na háite

Beidh turas treoraithe le fuaim ar fáil trí aip a íoslódáil go luath - ní bheidh ar chuairteoirí ach app a íoslódáil ar a fón póca chun turas saibhir fuaime a fháil faoin áit speisialta seo.

Comhoibriú Rathúil

D'éirigh leis an tionscadal trí chomhoibriú maith idir:

  • An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta
  • Údarás na Gaeltachta
  • Comhairle Ceantar na nOileán
  • An pobal áitiúil agus grúpaí pobail