Deontas €274,500 ceadaithe le tacú le Tithíocht Teangabhunaithe i mBaile an Fheirtéaraigh

21 Lúnasa, 2025

nóiméad léite

Scéim Deontais Caipitil Tithíochta le tacaíocht a chur ar fáil d'eagrais fhorbartha pobail sa Ghaeltacht

Tá deontas caipitil €274,500 ceadaigh ag Údarás na Gaeltachta do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta (CFCD Teo.) chun tacú le togra tithíochta nuálach i mBaile an Fheirtéaraigh a dhíreoidh ar an ngéarchéim lóistín atá ag cur isteach ar choláistí samhraidh Gaeilge sa cheantar.

Faoin scéim nua Deontais Caipitil Tithíochta, cuirfear deontas caipitil 10% ar fáil suas go huasmhéid €300,000 d'eagrais fhorbartha pobail sa Ghaeltacht atá ag fáil deontas reáchtála ón Údarás le cur ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar thograí tithíochta beaga, teangabhunaithe.

I 2024, rinne thart ar 3,000 duine freastal ar chúrsaí Gaeilge, ach bhí liosta feithimh de 1,300 duine óg nach bhféadfaí freastal orthu de dheasca easpa lóistín. Tá an scéal níos measa fós do 2025, le liosta feithimh de 1,500 duine ann cheana féin.

Tríd an deontas seo, forbróidh CFCD Teo. ceithre thigh leathscoite trí stór i mBaile an Fheirtéaraigh. Beidh cúig sheomra leapa i ngach teach, le dáréag foghlaimeoir Gaeilge i ngach ceann. Ligfear na tithe ar cíos le daoine a choinneoidh foghlaimeoirí Gaeilge, agus bainfidh coinníollacha daingne teanga leis an togra.

Dúirt Tomás Ó SíocháIn Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltahta  :

"Tá an togra seo ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí le tacú le todhchaí na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ní hamháin go gcuirfidh sé le hinfheistíocht sa phobal áitiúil, ach tacóidh sé freisin le cur chun cinn na Gaeilge agus le cothú na hóige."