Fógraíonn Údarás na Gaeltachta go bhfuil pacáiste tacaíochta €122,000 ceadaithe do Origin Valley Pet Nutrition (OVPN) atá lonnaithe i nGaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí. Tagann an tacaíocht seo uaidh chúig scéim éagsúla: Deontas Comhairleoireacht Straitéiseach, Deontas Oiliúna faoin Scéim GradStart, Deontas Caipitil agus Deontas don Scéim Teacht ar Dhigitiú.
Tá an tacaíocht airgeadais seo dírithe ar chabhrú leis an gcomhlacht a thogra déantús bia peataí a chaomhnú agus a láidriú i gcroílár na Gaeltachta. Cuirfear an mhaoiniú i bhfeidhm trí chomhairleoir teicniúil a fhostú, infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh nua-aimseartha, duine óg a fhostú faoin scéim GradStart agus straitéis dhigiteach chuimsitheach a chur i bhfeidhm.
Faoi láthair tá 19 fostaí lánaimseartha ag an gcomhlacht, agus tá sé beartaithe go bhfostófar 5 dhuine eile idir 2025-2027. Léiríonn na figiúirí seo an tionchar dearfach atá ag an togra ar fhostaíocht áitiúil sa Ghaeltacht.
"Ó thosaíomar ag feidhmiú in 2022, tá tacaíocht luachmhar tugtha ag Noreen Breathnach agus Údarás na Gaeltachta dúinn agus táimid an-bhuíoch díobh," a dúirt Niall Ó Briain, Stiúrthóir Bainistíochta Origin Valley Pet Nutrition. "Cabhróidh an maoiniú lenár bhfoireann agus ár n-oibríochtaí a neartú agus ligfidh sé dúinn leanúint ar aghaidh lenár dturas bia do pheataí a sholáthar do mhargaí idirnáisiúnta."
Dúirt Noreen Breathnach ó Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta: "Tá áthas ar an Údarás tacaíocht a thabhairt do OVPN, comhlacht atá ag cur bonn láidir faoi fhás inbhuanaithe. Is sampla iontach é seo de ghnó Gaeltachta atá ag dul ó neart go neart agus ag cruthú post luachmhar sa cheantar."