Údarás na Gaeltachta ag Lorg Conraitheoirí Réigiúnacha do Réimsí Éagsúla Oibre 

6 Lúnasa, 2025

nóiméad léite

 

 

Oícheanta eolais le reáchtáil ar fud na Gaeltachta i Meán Fómhair 

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur deiseanna nua ar fáil do chonraitheoirí oilte chun páirt a ghlacadh i gcomhaontuithe creata ilpháirtí réigiúnacha a chabhróidh le gnólachtaí áitiúla i gceantair Ghaeltachta. 

Tá an tÚdarás ag lorg conraitheoirí cáilithe i gceithre earnáil: 

  • Oibreacha meicniúla 
  • Oibreacha leictreacha  
  • Seirbhísí crann 
  • Oibreacha éigeandála 

Clúdóidh na comhaontuithe creata trí réigiún:  

  1. An Deisceart (Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge),  
  1. An tIarthar (Gaillimh, Maigh Eo),  
  1. An Tuaisceart (Dún na nGall). 

"Is é ceann de phríomhaidhmeanna an chreata seo ná an obair a choinneáil laistigh de phobail na Gaeltachta" a dúirt Cian Ó Donnchadha, Ceannasaí Maoine Údarás na Gaeltachta.  "Léiríonn na comhaontuithe creata seo ár dtiomantas leanúnach do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus conraitheoirí áitiúla."  

Roinntear na comhaontuithe creata ina lotaí do gach réimse oibre aitheanta, rud a sholáthraíonn deiseanna do chonraitheoirí de mhéideanna agus speisialtóireachtaí éagsúla ar fud na réigiún Gaeltachta. 

Oícheanta Eolais: 

Reáchtálfaidh an tÚdarás oícheanta eolais i bpearsa agus ar líne chun an próiseas iarratais a mhíniú. Beidh ionadaithe ó KSN agus ó Údarás na Gaeltachta i láthair chun an próiseas a phlé agus chun ceisteanna a fhreagairt ar na dátaí seo a leanas: 

  • 8 Meán Fómhair – gteic Béal Átha an Ghaorthaidh, gteic Uíbh Ráthach, gteic Chorca Dhuibhne, Ciarraí  
  • 8 Meán Fómhair - gteic Ghaoth Dobhair, Dún na nGall  
  • 15 Meán Fómhair - Óstán Chois Fharraige, Gaillimh 

Moltar do chonraitheoirí freastal ar na seisiúin seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na deiseanna agus na riachtanais iarratais. 

Chun clárú d'oíche eolais seol ríomhphoist chuig eolas@udaras.ie