Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh fhógra ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke T.D., agus ón Aire Breisoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless T.D., faoi mhaoiniú €17 milliún do dhá thionscadal nuálaíoch. Tá áthas ar an Údarás go bhfuil cliant comhlacht dá chuid, Déantúsaíocht Sláinte HiTech Teoranta, i measc na gcomhlachtaí atá ag fáil cuid den mhaoiniú.
Beidh an maoiniú seo dhá úsáid ag Deantusaíocht Sláinte HiTech i gcuideacha páirtnéirí eile chun forbairt a dhéanamh ar leigheas nua do damáiste Inchinne i naíonáin.
Tarlaíonn Neonatal Hypoxic Ischaemic Encephalopathy (HIE) nuair nach bhfaigheann inchinn an linbh dóthain ocsaigin thart ar am an tsaolaithe. Faoi láthair, an t-aon leigheas atá ann ná an leanbh a fhuarú go 33.5°C ar feadh 72 uair.
Tá na páirtnéirí taighde le dul i mbun oibre ar fhorbairt leigheas nua darb ainm Can-Vas. Is teiripe cealla é seo a chuideoidh leis an bhfuarú.
Tá súil aige:
Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Siocháin:
" Is fianaise láidir é an maoiniú suntasach seo ar an gcaighdeán ard nuálaíochta atá á bhaint amach ag comhlachtaí Gaeltachta sa réimse eolaíochta beatha. Tá Deantusaíocht Sláinte HiTech Teoranta, ag léiriú go bhfuil comhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag stiúradh forbairtí ceannródaíocha i dteicneolaíochtaí leighis den chéad scoth. "
Tá Deantusaíocht Sláinte HiTech lonnaithe ar Pháirc Gnó na Tulaigh, i nGaeltacht Chonamara. Tá an comhlacht tar éis saineolas ar leith a fhorbairt i réimsí na teiripe cille agus na géinteiripe agus tá bearna sa mhargadh aitheanta acu chun tacú le cliaint atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar theiripithe nua agus iad a lainseáil sa mhargadh.